
Tá gearrliosta de 19 n-amhrán fógartha do chomórtas cumadóireachta Gaeilge Amhrán na Laoch 2026, a reáchtáiltear mar chuid de Mhí an Cheoil Éireannaigh, le tacaíocht ó An Post.
Gheobhaidh buaiteoir an chomórtais duais airgid €2,500, chomh maith leis an deis a amhrán a eisiúint trí lipéad ceirníní Ghael Linn, tacaíocht raidió, meantóireacht ón tionscal ceoil agus clúdach san iris Hot Press.
Tháinig iontrálacha ó ealaíontóirí ar fud na tíre, agus réimse leathan seánraí ceoil le sonrú sna hamhráin a roghnaíodh don ghearrliosta.
Tá Mairéad Ní Mhaonaigh, amhránaí agus fidléir leis an ngrúpa Altan, agus Fiachna Ó Braonáin ó Hothouse Flowers ar an bpainéal moltóireachta a roghnóidh an buaiteoir.
Fógrófar an toradh roimh oíche cheannais A New Local Hero, a bheidh ar siúl in The Academy, Baile Átha Cliath, Dé Céadaoin, an 28 Deireadh Fómhair.
Mar chuid den duais, déanfaidh Gael Linn an t-amhrán buaiteach a mheascadh, a mháistreáil agus a eisiúint ar ardáin dhigiteacha idirnáisiúnta.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Réamonn Ó Ciaráin, go raibh súil aige go gcuirfeadh rannpháirtíocht an lipéid le deiseanna an bhuaiteora.
“Tá súil againn gné bhreise a chur leis an gcomórtas Amhrán na Laoch trí oibriú leis an mbuaiteoir lena chinntiú go mbeidh an t-amhrán a bhain an duais ar fáil ar fud an domhain ar na mór-ardáin dhigiteacha,” a dúirt sé.
Gheobhaidh an buaiteoir tacaíocht freisin chun an t-amhrán a chur chun cinn ar 22 stáisiún raidió neamhspleách.
Is tionscnamh de chuid Hot Press agus Chraoltóirí Neamhspleácha na hÉireann í Mí an Cheoil Éireannaigh, a bunaíodh in 2021 agus a fhaigheann tacaíocht ó Choimisiún na Meán.
Ba é an grúpa Huartan as Béal Feirste a bhuaigh an chéad chomórtas Amhrán na Laoch lena n-amhrán Bean Udaí Thall.
Chuir Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, fáilte roimh reáchtáil an chomórtais arís i mbliana, ag moladh an róil atá aige i gcothú na cruthaitheachta agus na cumadóireachta Gaeilge.
Dúirt Orla Bradshaw, Oifigeach Gaeilge le An Post, go raibh an comhlacht bródúil as tacú leis an gcomórtas agus gur ábhar misnigh an líon iontrálacha a fuarthas.
Seo a leanas na hamhráin ar an ngearrliosta:
- Dàwna – Damhsa le mo Chailín (feat. Hazey Haze)
- Aisling – Plámás
- CLÓDA – Idir Dhá Linn
- Éire agus Cú Chulainn – Go Deo na nDeor
- Cúán de Búrca & hHH – Ionradh na Normannach
- Niamh Keane – Tar Aníos
- Teague and Joyce – Leath Bhádóirí
- Fíobha – D’athraigh mé
- Paul Mooney and Elevator – Amhrán na mBoghanna Báistí
- Leatsa – Croí Lán
- Ciara Finnerty – Ceo Draíochta
- Eleanor Quaine – Ist Leo
- Ash Fuller – Airím uaim thú
- Drandán – Leannán Sí
- LARAbEL – Féileacán
- Tara Dignam – Mo Chuisle Mo Chroí
- seansean.ie – Geimhreadh Dubh (feat. Niall Tarmey)
- The Boxty Gang – Siar Ó Bhaile
- Phoenix and Wolfe – Levanta Te