
Tá agóidí ollmhóra sa Fhrainc, leis na mílte ag máirseáil ar fud na tíre, curtha faoi scáth sna meáin ag foréigean agus ag creachadóireacht i gcuid bheag bailte.
Tá Jean-Luc Mélenchon, ceannaire páirtí den eite chlé, La France Insoumise (an Fhrainc Dhochloíte), tar éis rabhadh a thabhairt faoin gcontúirt a bhaineann le agents provocateurs, gníomhairí rúnda ar chúla téarmaí, a bheith ag athrú bhéim na n-agóidí.
Oireann an t-athrú béime seo, ó bhailíocht na léirsithe go hiompar frithshóisialta, don bhunaíocht ar fud na hEorpa, nach bhfuil ag iarraidh aon phlé ar na fíorfhadhbanna atá i gceist.
Baineann na fadhbanna seo le hioncam laghdaithe na Fraince, go háirithe de réir mar a briseadh a smacht nuachoilíneach ar iarthar na hAfraice, le Buircíne Fasó, Mailí agus tíortha eile ag náisiúnú na mianach óir agus úráiniam a thug an oiread sin ioncaim don Fhrainc.