Tá an feisire Eorpach Seán Kelly ag iarraidh ar cheannairí an Aontais Eorpaigh deireadh a chur leis an tsáinn pholaitiúil maidir le hathrú na gclog dhá uair sa bhliain, agus na cloig le dul siar uair an chloig Dé Domhnaigh seo chugainn, an 25 Deireadh Fómhair.
Tá litir scríofa ag Kelly chuig ceannairí na hEorpa ag impí orthu ceannaireacht pholaitiúil a léiriú agus dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an moladh deireadh a chur leis an gcleachtas, atá sáinnithe le hocht mbliana anuas.
Chuir an Coimisiún Eorpach moladh chun cinn in 2018 chun deireadh a chur le hathrú séasúrach na gclog. Thacaigh Parlaimint na hEorpa leis an moladh in 2019, nuair a vótáil 410 feisire ina fhabhar, 192 ina choinne agus staon 51 feisire ón vótáil.
Mar sin féin, níl aon chomhaontú bainte amach idir ballstáit an Aontais agus tá na hidirbheartaíochtaí ina stad ó shin.

Dúirt Kelly go raibh sé do-ghlactha go raibh an moladh fós sáinnithe tar éis ocht mbliana, gan aon bhealach soiléir chun cinn.
Dar leis, tá sé thar am ag ceannairí na hEorpa an cheist a chur ar ais ar an gclár oibre polaitiúil agus teacht ar réiteach críochnaitheach.
Léirigh comhairliúchán poiblí a rinne an Coimisiún Eorpach in 2018 go raibh 84% de na freagróirí i bhfabhar deireadh a chur le hathrú na gclog.
Tharraing Kelly aird freisin ar an imní atá ann faoin tionchar a bhíonn ag athrú na gclog ar phatrúin chodlata agus ar shláinte an phobail.
Dúirt sé go raibh deis ag ceannairí na hEorpa réiteach a fháil ar cheist a théann i bhfeidhm ar na milliúin duine gach bliain.
Chuir sé fáilte roimh an tacaíocht a léirigh an Coimisinéir Eorpach Apostolos Tzitzikostas agus rialtais roinnt Ballstát roimhe seo.
D’áitigh Kelly, áfach, go gcaithfí beart a dhéanamh de réir na mbriathra sin ag leibhéal Chomhairle an Aontais Eorpaigh, seachas leanúint den phlé gan toradh.