Is í Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, a dhéanfaidh oscailt oifigiúil Oireachtas na Samhna i gCill Airne i mbliana. Is ócáid shuntasach seo do phobal na Gaeilge agus deis eile chun saibhreas ár dteanga, ár gceoil agus ár gcultúir a cheiliúradh. Ní hamháin gur féile é an tOireachtas, ach cruinniú mór na nGael, áit a neartaítear cairdeas agus a spreagtar glúnta nua.

Ó bunaíodh an tOireachtas in 1897 tá sé ar cheann de na clocha coirnéil i saol cultúrtha na Gaeilge. Féile bheag a bhí ann i dtosach, ach d’fhás sé ina cheiliúradh náisiúnta ar an amhránaíocht ar an sean-nós, ar an damhsa, ar an litríocht agus ar an scéalaíocht. In ainneoin na ndúshlán a bhí roimh an teanga le himeacht na mblianta, lean an fhéile uirthi ag forbairt.

Léirigh rath Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste anuraidh gur féidir leis an bhféile pobail éagsúla a thabhairt le chéile agus beocht nua a spreagadh. Bhí sé tábhachtach go háirithe go raibh an Ghaeilge chomh feiceálach sin i gcathair a bhfuil a pobal Gaeilge ag dul ó neart go neart.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.