
Agus na leibhéil tacaíochta is measa leis na blianta á léiriú d’Fhianna Fáil sna pobalbhreitheanna is deireanaí, tá ceannaire an pháírtí, an Taoiseach Micheál Martin, ag iarraidh seilbh éigin a ghlacadh anois ar an éileamh ar athaontú na tíre.
Go dtí seo bhí seasamh nimhiúil ag Martin i gcoinne aon dreama a labhródh faoin riachtanas tús a chur le hullmhúcháin don athaontú, i Sinn Féin agus ina pháirtí féin. “Táim le ceangal,” a dúirt sé, “nuair a chloisim baill d’Fhianna Fáil ag labhairt faoina leithéid”.
Ach, in ainneoin na nimhe a chuireann sé sa díospóireacht, tá brú ag dul i méad air, go háirithe taobh istigh den pháírtí. Níl a lán ball in ann a thuiscint cén fáth gur féidir le Fine Gael agus Simon Harris labhairt faoi ullmhúcháin don athaontú ach nach féidir le Fianna Fáil.