Tá na mílte daoine tar éis filleadh abhaile ó Oireachtas na Samhna i gCill Airne, áit a raibh an Ghaeilge le cloisteáil i ngach cúinne den bhaile le linn na féile. Idir an dá linn, tá daoine óga ar fud na tíre ag ullmhú do Ghaeilge24. Ach agus an oiread sin fuinnimh agus díograise le sonrú i measc phobal na teanga, is mithid ceist bhunúsach a chur: cén fáth a mbíonn ar Ghaeilgeoirí troid fós lena chinntiú go mbeidh a dteanga le feiceáil agus le cloisteáil ina dtír féin?

Ba dheacair gan bheith dóchasach i gCill Airne an tseachtain seo caite. Bhí idir óg agus aosta ag baint taitneamh as an gceol, as an amhránaíocht agus as an gcomhluadar. Ní raibh aon mhíniú ná leithscéal ag teastáil chun Gaeilge a labhairt. Ba í gnáththeanga na féile í, mar ba cheart di.

Ach ní féidir linn maireachtáil ar dhíograis deireadh seachtaine amháin.

Beidh Gaeilge24 ar siúl Dé Máirt seo chugainn, agus é mar aidhm ag an bhfeachtas 30,000 dalta ó 300 scoil a spreagadh chun Gaeilge a labhairt ar feadh an lae. Is é Todhchaí na Gaeilge téama na bliana seo, agus ní fhéadfaí téama níos tráthúla a roghnú.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.