Agallamh leis an gCoimisinéir Teanga, Séamus Ó Concheanainn

Ag Comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga bhí deis ag Caoimhín Ó Cadhla labhairt leis an gCoimisinéir Teanga.

Bhí plé ann maidir leis na caighdeáin teanga níos luaithe, an bhfuil aon tuairim agat cathain bheidh siad le teacht isteach? Cén scéal atá agat ó Roinn na Gaeltachta?

Bhuel, tuigim ón Aire agus an méid atá ráite ag bainistíocht na Roinne go bhfuiltear ag obair air agus ag cur bail críche ar na caighdeáin. Tuigimid uilig go bhfuil go leor oibre i gceist leo.  Tá 500 comhlacht poiblí i láthair ar an sceideal. Tá na seirbhísí nua-aimseartha uilig ag brath ar na caighdeáin, na seirbhísí idirghníomhacha, an bhéim a bhímid ag cur ar maidin ar an tábhacht go mbeidh dóthain foirne atá inniúil i nGaeilge, is faoi scáth na gcaighdeán atá siad sin, mar chuimhnigh, faoi na córais nua, na caighdeáin teanga, leagfar síos cén leibhéal inniúlachta i nGaeilge atá ag teastáil don fhoireann, mar sin is buaic shuntasach oibre é sin, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh siad i gceart ach tá an tráth tagtha anois go dteastaíonn siad ar an mbunús go bhfuil folús ann faoi láthair maidir le croísheirbhísí poiblí i nGaeilge agus go bhfuil na comhlachtaí poiblí atá i dteagmháil le m’oifig ar bhonn rialta den tuairim go bhfuil an folús seo ag cur as don phleanáil a dteastaíonn uathu a thabhairt faoi le seirbhísí poiblí i nGaeilge a fheabhsú ar bhonn córasach go náisiúnta.

Caithfidh na caighdeáin a bheith ar a laghad ar chomhchéim leis na scéimeanna teanga, an bhfuil baol ann go mbeidh siad ag iarraidh an méid is ísle a leagan síos?

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.