Breis agus 11,000 duine ag Mòd na hAlban i nGlaschú


D’fhreastail breis agus 11,000 duine ar an Mhòd Nàiseanta Rìoghail i nGlaschú an tseachtain seo caite, méadú 20% ar an tinreamh i gcomparáid leis an mbliain seo caite, nuair a reáchtáladh an fhéile i Loch Abar.

Is í an fhéile macasamhail Oireachtas na Gaeilge in Albain, agus reáchtáladh thart ar 300 comórtas amhránaíochta, ceoil, litríochta agus drámaíochta do chainteoirí líofa agus d’fhoghlaimeoirí na Gàidhlig.

Bunaíodh an Mòd in 1892 agus aistrítear go ceantar eile é gach bliain. Bhronn an Bhanríon Eilís II an teideal Rìoghail air in 1992, mar aitheantas ar an gceangal idir teaghlach ríoga na Breataine agus An Comunn Gàidhealach, lucht eagraithe na féile.

Is é an Rí Séarlas III patrún reatha an chumainn agus Choláiste Sabhal Mòr Ostaig. Le linn dó freastal ar an Mhòd in 2010 chosain sé comharthaí bóthair dátheangacha agus chríochnaigh a óráid leis an mana “Suas leis a’ Ghàidhlig!”.

Bhí comórtais na mbonn óir i measc bhuaicphointí na seachtaine. Bhuaigh Isabelle Bain agus Mark Mac a’ Ghobhainn, beirt as Leòdhas, boinn óir an Chomuinn Ghàidhealaich Dé Céadaoin.

Oíche Déardaoin, bhuaigh Anna NicGriogair as Glaschú agus Iain MacCarmaig as an Oileán Sgitheanach boinn óir an tsean-nóis, comórtais atá inchurtha le Corn Uí Riada.

Is iardhalta Gaeloideachais í NicGriogair, agus tá MacCarmaig de shliocht teaghlaigh ceoil a bhfuil cáil air. Bhuaigh a dheartháir Ruairidh an comórtas in 2014, agus bhí bonn óir an Chomuinn Ghàidhealaich buaite ag Iain féin in 2023.

Bhí rath ar MacCarmaig mar stiúrthóir cóir freisin. Bhuaigh Còisir Ghàidhlig Sgìre Phort Rìgh comórtas Sgiath MhicShimidh is Thulaich Bhàrdainn faoina stiúir, agus ghnóthaigh Ceòlraidh Ghàidhlig Ghlaschu, faoi stiúir Iseabail Nic an t-Sagairt, Cuach Cuimhneachain Mhairead NicDhonnchaidh.

Rinneadh ceiliúradh freisin ar 40 bliain den ghaeloideachas i nGlaschú. Bunaíodh an chéad aonad Gaeilge i mBunscoil Shir Iain MhicSueil in 1985 agus tá trí bhunscoil agus meánscoil Gàidhlig sa chathair anois.

Foilsíodh nuachtlitir speisialta, Am Pàipear, le hailt ó iardhaltaí agus ó mhúinteoirí, agus eagraíodh taispeántas cuimhneacháin.

Bhí imeachtaí spóirt ar siúl freisin. D’eagraigh Alba FA seisiúin sacair do pháistí sular thug a bhfoireann shinsearach aghaidh ar fhoireann faoi-19 Partick Thistle. Bhuaigh Cluaran Phartaig (Partick Thistle) Corn Iain MhicCoinnich, atá ainmnithe in ómós don imreoir dheireanach ar fhoireann náisiúnta na hAlban a bhí ina chainteoir dúchais Gaeilge na hAlban.

Sa chamanacht bhuaigh foirne fear agus ban Ghlaschu Meadhan Earra Ghàidheal a gcluichí in aghaidh Obar Dobhair.

Bhí ceolchoirm mhór sna Barrowlands ar oíche dheireanach na féile, faoi stiúir Joy Dunlop agus Gary Innes. Sheinn Dlù agus Eadrainn, sular cuireadh céilí ar bun le ceoltóirí ó Mànran, Capercaillie agus Skipinnish.

Thug Raibeart MacDhonnachaidh ó Tide Lines ómós do thriúr iascairí a cailleadh amach ó chósta Leòdhais le linn na seachtaine, agus é ag canadh Balaich an Iasgaich.

Cuireadh clabhsúr leis an Mhòd le mórshiúl píobaireachta trí Ghlaschú agus ollchór ar chéimeanna an Cheolárais Ríoga, áit ar canadh Cearcall a’ Chuain.

Bhí Raidió Fáilte i láthair faoi Scéim Cholmcille, atá maoinithe ag Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig. Ba é seo turas deireanach an stáisiúin faoin scéim, a thug go hAlbain agus go hOileán Mhanann iad i rith na bliana.

Thaifead an stáisiún dhá chlár i nGlaschú, agus craolfar ábhar óna thurais mar chuid dá sceideal Nollag.

Dúirt bainisteoir Raidió Fáilte, Cillian Breatnach, gur chabhraigh an scéim le naisc idir pobail Ghaelacha a neartú.

“Táimid thar a bheith bródúil as an obair atá déanta againn ag fuascailt naisc stairiúla agus oidhreachtúla tríd an scéim seo,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh sé ríthábhachtach na pobail a thabhairt le chéile níos minice chun a dteangacha, a gcultúir agus a stair chomhroinnte a cheiliúradh.

Fillfidh an Mòd ar Inse Ghall an bhliain seo chugainn, agus beidh formhór na n-imeachtaí ar siúl i Steòrnabhagh ar Eilean Leòdhais.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.