Bhí Ambasadóir na Breataine in Éirinn, Kara Owen, ar cuairt ar Learpholl le deanaí chun naisc eacnamaíochta, thrádála agus chultúrtha idir Éire agus réigiún Learphoill a neartú, agus deiseanna nua infheistíochta agus comhoibrithe a fhorbairt ar dhá thaobh Mhuir Éireann.
Ag labhairt di le An Páipéar le linn na cuairte, dúirt Owen go raibh sé tábhachtach tógáil ar an gcaidreamh stairiúil idir an dá áit agus deiseanna praiticiúla a chruthú do ghnólachtaí agus d’institiúidí taighde.
“Táim anseo agus mé ag breathnú go mór chun cinn,” a dúirt sí. “Táimid ag tacú le comhpháirtíocht idir Ionad Fiontraíochta Guinness i mBaile Átha Cliath agus Central Tech i Learpholl, chun cabhrú le cuideachtaí nuálacha leathnú isteach i margaí idirnáisiúnta.”
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!