40 bliain d’Fhéile na Samhna i gCathair Dhoire

Tháinig na mílte ó gach cearn den tír agus níos faide i gcéin go Cathair Dhoire an deireadh seachtaine seo caite agus ceann de na féilte is mó san Eoraip ag déanamh ceiliúradh ar an tSamhain ar siúl.

Meastar gur tháinig níos mó ná 120,000 chun na cathrach thar 4 lá chun 40 bliain den fhéile a cheiliúradh.

Thosaigh an leagan comhaimseartha den cheiliúradh ar Oíche Shamhna i nDoire in 1985 trí thimpiste, a bheag nó a mhór.

Chinn Brian Doherty ansin go mbeadh Cóisir na Samhna á reáchtáil aige ina theach tábhairne, Doherty’s Bar, ar Shráid na hArmlainne. 

Tháinig roinnt daoine, idir 50 agus 60, gléasta suas agus dúirt Doherty go raibh craic mhaith ann. Ach tharla sceimhle buama agus bhí orthu imeacht ón bheár.

Chuaigh an chóisir ar aghaidh áfach, agus chuaigh na daoine a bhí sa bheár chuig áiteanna eile sa chathair. Ó shin i leith tháinig muintir Dhoire amach gléasta suas chun Oíche Shamhna a cheiliúradh.

Ní raibh sé go dtí luath sa 90í go dtí gur thosaigh an taispeántas tinte ealaíne. Anois maireann an fhéile ceithre lá, go hoifigiúil, ach bíonn imeachtaí ar siúl ar fud na cathrach sna laethanta roimhe sin ag tarraingt ar Oíche Shamhna.

Mar a bhí i mbliana agus na blianta roimhe sin, bíonn deiseanna ag grúpaí pobail páirt a ghlacadh sna himeachtaí a bhíonn ar siúl amach.

Bíonn Triail Mhúscailt na Cathrach Múrtha ann, ina mbíonn taispeántais ag ealaíontóirí sráide, ceoltóirí, cleasghleacaithe agus roinnt daoine eile ar siúl taobh istigh de na ballaí sa chathair.

Chomh maith leis sin bhí roinnt ceolchoirmeacha ar siúl ar ardáin áirithe ar fud na cathrach, agus grúpaí amhail Huartan, Reevah agus Supercéilí ann.

Bíonn deireadh leis na himeachtaí ansin ag an taispeántas tinte ealaíon agus na mílte ar na sráideanna i ndiaidh na paráide.

Thug príomhfheidhmeannach an chomhlachta turasóireachta sna sé chontae, Laura McCorry, moladh don fhéile, agus dúirt sí go bhfuil sé an-tábhachtach chun cuairteoirí a mhealladh chuig an iarthuaisceart agus chun cur leis an gheilleagar.

Chaith Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSrátha Báin £800,000 ar an fhéile, agus dúirt bainisteoir imeachtaí agus féile na comhairle, Jacqueline Whoriskey, gur £7.4 milliún an meastachán deireanach a bhí acu maidir le sochar eacnamaíoch na fhéile.

Cé go bhfuil ceiliúradh 40 bliain thart anois is cinnte go mbeidh an ceiliúradh chomh mór céanna ar an bhliain seo chugainn.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.