Tá tuarascáil eisithe ag Coimisiún Fiosrúcháin na Náisiún Aontaithe faoi choireanna cogaidh Iosrael i gcoinne mhuintir na Palaistíne ar an mBruach Thiar agus i Stráice Gaza ón mbliain 1967 ar aghaidh. Aithnítear freisin ní hamháin go bhfuil géarú le blianta beaga anuas ar na coireanna cogaidh seo, ach go bhfuil cinedhíothú ar bun ag arm Iosrael i gcoinne mhuintir Gaza, go háirithe tar éis ruathar Hamas ar Iosraelaigh in aice le Stráice Gaza a tharla ar an 7 Deireadh Fómhair 2023. Deir an tuarascáil go bhfuil coireanna in aghaidh na daonnachta ar bun ag na hIosraelaigh chomh maith. Tá an tuarascáil curtha faoi bhráid Thionól na Náisiún Aontaithe.
Díríonn an tuarascáil ar mharú agus ar dhíobháil coirp agus intinne ag gníomhaithe Iosrael ar mhuinitr na Palaistíne ó 1967 i leith bunaithe ar naisiúnacht, cine, creideamh, inscne agus aois. Tá ardú an-suntasach tagtha ar an ráta báis idir an tréimhse 2008 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2023 agus an tréimhse 7 Deireadh Fómhair go dtí an lá inniu, fiú ar an mBruach Thiar, áit nach raibh baint dhíreach leis na himeachtaí ar an 7 Deireadh Fómhair 2023. Tá géarú, ní hamháin ar an mbás, ach ar shárú cearta daonna, go háirithe iad siúd faoi ghéibheann na nIosraelach.