Is léir gur chuir scéal Bhóthar Gharbhachaidh agus Dhroim Crí cor cinniunach i scéal na bpáirtithe aontachtacha.
Is minic a thig na rudaí seo gan choinne. Ach beidh iarmháirtí na gcúrsaí seo forleathan, agus toghchán gan ach cúig mhí ar shiúl. Go háirithe le himeacht Carla Lockhart as an Pháirtí Aontachtach Dhaonlathach níos luaithe sa tseachtain.
Rinne mise an pointe roinnt uaireanta roimhe nach féidir oifig an Chéad-Aire a fháil ar ais mura dtéann na páirtithe aontachtacha sa tóir ar an vóta Chaitliceach agus ar vóta na bProtastúnach nach mbeidh ag vótáil ar chor ar bith. Bheadh orthu, áfach, fail réidh leis an mheon fhrith-Ghaeilge ar dtús.
Ach i bhfianaise na coimhlinte reatha, ar an drochuair, silim go bhfuil sé rómhall dó sin.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!