Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie
Dé hAoine an 6 Samhain
Club ceardaíochta, 6 cheardlann
Oiriúnach do theaglaigh agus leanaí bunscoile 6+
3.30 go 4.30 pm
Ionad Pobal Bhaile an Sceilg
Cláraigh le Marie ag 085-2198742
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Ceardlann ar an gcartlannú aiteach le Tonie Walsh
5.30 pm
Ionad LADTA+ Outhouse, BÁC.
Sa cheardlann dhátheangach seo déanfaidh an gníomhaí pobail agus bunaitheoir Chartlann Aiteach na hÉireann, Tonie Walsh, cur i láthair ar Chartlann Aiteach na hÉireann agus cuid de na hábhair Ghaeilge atá inti, agus ansin labhróidh sé maidir leis na prionsabail a bhaineann leis an gcartlannú agus cleasanna agus straitéisí a mholfadh sé féin le haghaidh na hoibre sin.
Clárú ag https://www.eventbrite.ie/e/ceardlann-ar-an-gcartlannu-aiteach-le-tonie-walsh-tickets-2002333616749
Arna eagrú ag AerachAiteachGaelach
Músaem na nGréibhlí
Éist le scéalta scanrúla spreagtha ag nithe aisteacha sa mhúsaem, á léamh ag Daithí Ó Muirí, le ceol scáfar ón gceoltóir Fergus Kelly.
7 agus 8 pm
Museum of Curiosities, 35 Sráid Pembroke, Baile Átha Cliath 2
Cead isteach €15/12
Clárú ag imram.ie
Imeacht de chuid Imram i gcomhair le Féile Leabhar Baile Átha Cliath
Seoladh Leabhar
Ag Dreapadh na Spéire le Ceaití Ní Bheildiúin
7.30 pm
Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh, V92 K5WT
Fáilte roimh chách
Arna eagrú ag Cló Iar-Chonnacht
Dé Sathairn an 7 Samhain
Grúpa tuistí agus leanaí Teanga Tí
Páistí 0-4 bliana d’aois
10 go 11 am
Corrán Grattan, BÁC 8, D08 V003
Eolas ag tara@glornagael.ie
Arna eagrú ag Glór na nGael
Babaí ar an mBealach
Ceardlann réamhbhreithe do lánúineacha atá ag iompar clainne
Le hEimear Ní Ghealbháin, bean chabhrach, agus Neasa Ní Chonchúir, réifléacseolaí
11 am
An Díseart, an Daingean
Eolas: 085-2198742
Clárú le marie@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Gaeilge ar Fud Fhear Manach
Dianchúrsa 2
Ionad Pobail Achadh Gé
10 am go 2 pm
£15 an cúrsa
Sólaistí san áireamh
Clarú agus eolas ag https://fermanagh.gaa.ie/dianchursai/
CLG Fhear Manach i gcomhpháirtaíocht le Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí agus Tús Nua
Ceiliúraidh 90 bliain Chumann Chluain Árd
Comhdháil tráthnóna
1 pm – painéal cainte: an Dr Pól Deeds, Diarmuid Ua Bruadair, April Ní Ír
2 pm – lón saor in aisce
3 pm – príomhchaint, an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin
Cur chun cinn liom-leat mionteangacha agus cosaint phobal urlabhra na Gaeilge san am atá le teacht
4 pm – airnéal
Cumann Chluain Árd, 27-43 Sráid na Scéiche, Béal Feirste, BT12 7AQ
Idir na Sléibhte agus an Fharraige
Taispeantais Ealaíne le Mickey McFadden, Dún na nGall
7 pm
Ceolchoirm ina dhiaidh le Teresa Horgan agus Donogh Hennessy
Eolas ag 026-45733, eolas@ionadculturtha.ie nó ionadculturtha.ie
Ionad Cúltúrtha Bhaile Mhuirne, P12X239
Dé Domhnaigh an 8 Samhain
An Dothra, cuisle bheo na cathrach le Craobh na Coille
11 am
Páirc Ghleann na Dothra, Baile Átha Cliath
Foghlaim faoin abhainn, fiadhúlra na páirce agus faoin ngrúpa Dodder Action atá ag obair ar son na habhann.
Beidh caife agus lón ina dhiadh!
Arna eagrú ag Craobh na Coille, Conradh na Gaeilge
Ciorcal amhránaíochta Shéamuis Mhic Mhathúna
Aoi speisialta Caitríona Ní Cheannabháin ó Charna, Conamara
1.30pm ceardlann
3 go 5 pm ciorcal amhránaíochta
Cultúrlann na hÉireann, 32 Cearnóg Belgrave, Baile na Manach, Co BAC. A94 XV02
Arna eagrú ag Comhaltas
Dé Luain an 9 Samhain
Sacar as Gaeilge, Baile Átha Cliath
7 pm
Ionad Pobail Sheáin Uí Chathasaigh
Arna eagrú i gcomhphairt leis an gCumann Sacair Gaeilge
Dé Máirt an 10 Samhain
Na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid i do ghnó
Is ócáid bhricfeasta gnó é Scéal Nua – Na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid i do ghnó, á óstáil ag Dáithí Ó Sé, ina bhfiosrófar an chaoi ar féidir leis an nGaeilge a bheith ina hacmhainn luachmhar do ghnólachtaí an lae inniu.
I measc na gcainteoirí beidh Cóilín Duffy, An Páipéar; Mícheál Ó Lionáird, Folláin; Peigín Crowley, GROUND Wellbeing; agus Aoife Kimber, Mindmymigraine.ie.
8 go 10 am
Óstán Clayton, Cathair Chorcaí, 10 Cé Lapp, Lár na Cathrach, Corcaigh, T12 RD6E
Clárú saor in aisce: https://share.google/8t2vGnXQLkga8IUeP
Arna eagrú ag Oifig Fiontair Áitiúil Chathair Chorcaí i gcomhpháirt le Comhairle Cathrach Chorcaí.
Tithíocht. Teanga. Todhchaí.
Tinteán don Ghaeltacht ag teacht go cathair Chorcaí chun géarchéim na tithíochta sa Ghaeltacht a phlé.
Cur i láthair & plé painéal dhátheangach le John Prendergast, Bainisteoir Abhcóideachta, Chonradh na Gaeilge
7 pm
Quay Co-Op, Cathair Chorcaí
Arna eagrú ag Craobh Liú na Laoi, Tinteán agus CATU
Cruinniú cinn bliana de chuid an Chumann Sacair Gaeilge (CSG)
7 pm
Ar Zoom
Tá an CSG ag iarraidh baill coiste chomh maith. Le spéis a léiriú freastal ar an gcruinniú nó cabhrú leis an gcoiste líon an fhoirm ag an nasc https://tinyurl.com/CCBCSG26
Tá fáilte roimh chách.
Dé Céadaoin an 11 Samhain
Greann agus siamsaíocht i nGaillimh
Aideen McQueen agus Traolach Ó Conghaile
Ceol ó Galway Céilí Club
6 go 8.30 pm
Óstán Galmont, Gaillimh, H91 CYN3
Arna eagrú le Gréasan Gaeilge na hEarnála Poiblí
Tráth na gCeist
8 go 9.30 pm
Teach Tábhairne Sexton’s, Sráid Anraí, Luimneach, V94 CA29
€10 ó gach rannpháirtí, Cumann Ailse na hÉireann
Clárú ag comhluadarluimnigh.ie
Eolas ó Ava ag 089-4106637
Mar chuid d’Fhéile na Samhna
Arna eagrú ag Comhluadar Luimnigh
Déardaoin an 12 Samhain
Clubscannan.ie, Trad
8.15 pm
Seanscoil Sailearna, H91 W925
Ticéid €10 ar fáil ar https://clubscannan.ie
Dé hAoine an 13 Samhain
Seoladh Oifigiúil Chraobh Cois Locha
craobh nua de CnaG i bhFear Manach Thuaidh
7.30 pm
Toigh Uí Mhanacháin, Eadarnaidh, BT93 1DJ
Scoth na hoíche geallta agus neart ar siúl
Caint le Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge;
Seisiún ceoil oscailte le plúr na gceoltóirí áitiúla;
Oíche Ghaelach go mall san oíche.
Fearadh na fáilte roimh achan duine – bígí linn!!
Oíche airneáil le Seanchas Sheáin Néill
Ag ceilúraidh bhuaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin ag Oireachtas na Samhna
8 pm
Áislann Rann na Feirste
Fáilte roimh an phobal uilig
Féile Leabhar Gaeilge Bhaile Átha Cliath
Dé Sathairn an 7 Samhain
1 go 1.45 pm
An Peata is Fearr le Patricia Forde
Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann
2 go 3 pm
Macallaí na Staire, Darach Ó Scolaí, Liam Mac Cóil agus Réaltán Ní Leannáin ag caint le an Ollamh Michael Cronin
Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann
3.15 go 4.15 pm
Clinic Leabhar do Dhaoine Fásta le Anna Heussaff
Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann
Dé Domhnaigh an 8 Samhain
12.30 go 1.30 pm
Niamh Campbell agus Doireann Ní Ghríofa i gcomhrá le Belinda McKeon
Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann
5 go 7 pm
Off The Scéal le Louisa Ní Éideáin
Teeling Distillery, BÁC 8