Tá easpa maoinithe ag cur bac ar chumas TG4 tacú le comhlachtaí léiriúcháin agus deiseanna fostaíochta a chinntiú don chéad ghlúin eile de chruthaitheoirí Gaeilge, dar le Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 Deirbhile Ní Churraighín, agus tríocha bliain á gceiliúradh ag an stáisiún.
Ag labhairt le An Páipéar ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, dúirt Ní Churraighín, eagarthóir coimisiúnaithe le TG4, go raibh forbairt na hearnála neamhspleáiche ar cheann de mhóréachtaí an chainéil. Tá sí féin bainteach leis an tseirbhís ón tús.
“Ní thuigeann daoine an méid fostaíochta a chuireann TG4 ar fáil,” a dúirt sí. Mhínigh sí gur comhlachtaí neamhspleácha ar fud na tíre a léiríonn formhór na gclár agus gur sna comhlachtaí sin a earcaítear daoine cruthaitheacha le Gaeilge agus a fhorbraítear smaointe nua.