Ag labhairt le An Páipéar agus TG4 ag ceiliúradh tríocha bliain ar an aer, dúirt sé go raibh an tseirbhís don phobal agus do na heagraíochtaí spóirt féin i gcroílár obair an stáisiúin ó bunaíodh é in 1996.
“Táimid anseo mar stáisiún teilifíse chun seirbhís a chur ar fáil,” a dúirt sé. “Tá sé iontach go bhfuil muid ag cur na seirbhíse sin ar fáil trí mheán na Gaeilge.”
Dar leis, bhí bearna mhór sa chlúdach ar chomórtais éagsúla nuair a tháinig Teilifís na Gaeilge ar an bhfód. Bhíodh lucht leanúna pheil na mban agus chluichí club ag brath ar líon beag cluichí ceannais a fheiceáil ar an teilifís.
Tá athrú ó bhonn tagtha air sin. Dúirt Ó Coisdealbha go gcraolann TG4 breis agus dhá chéad cluiche club sa bhliain thar na comórtais éagsúla, agus go mbíonn cluichí club ar fáil gach deireadh seachtaine.
“D’oscail muid doras d’eagraíochtaí spóirt,” a dúirt sé, agus é ag tagairt don chispheil, do rugbaí na mban agus do sacar na mban i measc na spórt a bhain tairbhe as an gcur chuige sin.
Tá caidreamh ar leith forbartha le peil na mban le cúig bliana is fiche anuas. Chuir sé béim ar an dá ról atá ag TG4: craoltóir agus urraitheoir. Baineann obair shuntasach mhargaíochta agus ghnó leis an tacaíocht sin, anuas ar léiriú na gcluichí féin.
Tá sé ag éirí níos deacra cearta a fháil, áfach. Bíonn TG4 san iomaíocht le craoltóirí Éireannacha agus le comhlachtaí móra idirnáisiúnta. In ainneoin na srianta airgid, dúirt sé gur éirigh leis an stáisiún greim a choinneáil ar chearta tábhachtacha, cluichí CLG agus rugbaí an URC ina measc.
Tá leathnú na seirbhísí digiteacha lárnach sa straitéis. De réir Uí Choisdealbha, chraol TG4 a chéad chluiche beo ar YouTube in 2019 agus tá beagnach céad míle síntiúsóir ag an gcainéal ansin anois.
Tugann YouTube agus Seinnteoir TG4 deis níos mó spóirt a chraoladh nuair a bhíonn imeachtaí cultúrtha nó cláir eile ar an bpríomhchainéal. Luaigh sé liathróid láimhe agus rugbaí na mban mar shamplaí den ábhar a bhaineann leas as na hardáin sin.
Bhí an nuálaíocht theicniúil tábhachtach freisin. Thug lucht peile na mban cead ceamaraí a chur ar réiteoirí, agus baineadh úsáid as dróin agus grafaicí fíorúla chun cur leis an léiriú. Sa rugbaí, fuarthas cead micreafóin a úsáid le linn seisiúin eolais na réiteoirí roimh chluichí.
Maidir le lucht féachana an Tuaiscirt, dúirt sé gurb iad cearta d’oileán iomlán na hÉireann a lorgaíonn TG4 i gcónaí. Mhínigh sé gur féidir le seoltaí IP atá cláraithe sa Bhreatain fadhbanna a chruthú, agus mhol sé an aip agus seirbhísí suímh a úsáid sna cásanna sin.
D’aithin sé fás na hearnála léiriúcháin neamhspleáiche mar cheann de mhóréachtaí na tréimhse. Ó líon beag comhlachtaí a bhí ábalta cláir Ghaeilge a dhéanamh in 1996, tá gréasán léiritheoirí ar fud na tíre anois, rud a chuireann bonn faoin gcéad chéim eile d’fhorbairt an stáisiúin.