Is taobh thiar den cheamara a chuir Eimear Ní Chonála tús lena gairm le TG4, agus tá an taithí sin fós ina buntáiste aici agus í ag cur na nuachta i láthair do phobal na Gaeilge.
Ag labhairt le An Páipéar ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, agus TG4 ag ceiliúradh tríocha bliain ar an aer, rinne láithreoir Nuacht TG4 cur síos ar a haistear ón obair theicniúil go dtí an chraoltóireacht bheo, agus ar an dualgas atá ar an tseirbhís ardán a thabhairt do scéalta an phobail.
Bhí sí ina mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe nuair a thosaigh an stáisiún ag craoladh. Bailíodh mic léinn le chéile i gceann de na hamharclanna léachta chun féachaint ar an gcéad chraoladh, ócáid a d’fhág lorg uirthi.
“Bhí a fhios agam go raibh rud éigin an-speisialta tar éis tosaithe,” a dúirt sí.
Dar léi, bhain tábhacht ar leith le mana an stáisiúin, ‘Súil Eile’: féachaint ar scéalta agus ar ócáidí ar bhealaí nua, agus deis a thabhairt do dhaoine agus d’áiteanna nach raibh mórán airde faighte acu roimhe sin.