Tá TG4 ag cur an ábhair dhigitigh i gcroílár a chuid pleananna chun lucht féachana níos óige a mhealladh agus rogha níos leithne a thabhairt do dhaoine maidir le cathain agus conas a fhéachann siad ar chláir.
In agallamh le An Páipéar ag Oireachtas na Samhna, mhínigh Peadar Ó Flatharta, Bainisteoir Ardáin, atá ag obair ar fhorbairtí digiteacha an stáisiúin, go bhfuil TG4+ bunaithe ar an bprionsabal gur gá freastal ar nósanna éagsúla féachana.
“Caithfidh tú an t-ábhar a chur san áit a bhfuil an lucht féachana. Má tá an lucht féachana ar YouTube, bhuel, caithfidh muid a bheith ar YouTube,” a dúirt sé.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!