Draíocht an Oireachtais beo i gCill Airne agus na mílte Gael ag ceiliúradh a gcultúir

Tá na hamhráin ciúnaithe, na comórtais thart agus na sluaite imithe abhaile, ach mairfidh cuimhní Oireachtas na Samhna 2026 i bhfad i ndiaidh do na soilse dul as i gCill Airne. Ba sheachtain í a léirigh arís eile nach bhfuil a shárú le fáil ar fhéile an Oireachtais ó thaobh ceiliúradh na Gaeilge, an cheoil, na hamhránaíochta agus, thar aon ní eile, an chairdis.

Ó na chéad chomhráite maidine go dtí na seisiúin cheoil a mhair go lár na hoíche, bhí fuinneamh ar leith le brath ar fud na féile. Bhí idir sheanchairde agus daoine ag freastal ar an Oireachtas den chéad uair ag meascadh lena chéile, agus Gaeilge le cloisteáil i ngach cúinne.

Ba mhór an ócáid í oscailt oifigiúil na féile ag Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, agus ba léiriú suntasach a láithreacht ar an áit lárnach atá ag an Oireachtas i saol cultúrtha na tíre.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.