Oibrithe poibli ag beartú dul ar stailc

Tá oibrithe ar fud na seirbhíse poibli ag beartú dul ar stailc lae Dé Céadaoin seo chugainn, mar chuid dá bhfeachtas le cúrsaí pá a phlé leis an rialtas le feabhsuithe a bhaint amach i gcúitemah ar rátaí boilscithe.

Meastar go mbainfidh an ghníomhaíocht tionscail seo le 180,000 oibrí, agus deirtear go dtagann sé i ndiaidh míonna fada frustrachais ó tháinig deireadh leis an socrú deireanach i mí an Mheithimh.

Cuireadh tús le hobair de réir rialach ag tús na míosa, agus os cionn 100,000 oibrí bainteach leis. An tseachtain seo caite freisin ghlac múinteoirí bunscoile agus baill Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire, sna meánscoileanna páirt san obair de réir rialach freisin.

Tá an rialtas ag diúltú geilleadh d’éilimh na gceardchumann. Teastaíonn ó na cearcchumainn go dtosófar na cainteanna le tairiscint ón rialtas maidir le pá, ag rá nach bhfuil siad sásta rudaí eile a phlé go dtí go mbeidh a fhios aige céard atá ar intinn ag an rialtas i dtaobh pá.

Deir an rialtas nach bhfuil aon stailc riachtanach agus go bhfuil siad sásta tús a chur le cainteanna, ach, mar a deir siad, gan aon réamhchoinníollacha. Ciallaionn sé sin, ámh, nach bhfuil siad sásta cúrsaí pá a phlé ach i gcomhthéacs athruithe sna coinníollacha oibre.

Agus níl na ceardchumainn sásta glacadh leis sin, go háirithe toisc, a deir siad, gur ghlac siad le laghduithe sealadacha pá agus go bhfuil sé riachtanach go bhfaighidis cuiteamh air sin.

Anois, in éineacht leis an obair de réir rialach, tá sé beartaithe ag na ceardchumainn dhá lá stailce a bheith ann, ceann ar an 14 Deireadh Fómhair agus ceann eile ar an 21 Deireadh Fómhair.

Ceaptar go ndúnfaidh stailc an 14 Deireadh Fómhair beagnach gach scoil agus go gcuirfidh sé isteach go mór ar sheirbhísí sláinte, le gnáthaimh neamhphráinneacha á gcur ar ceal.

Seans nach ngoillfidh sé sin ar an rialtas, ach is cinnt go ngoillfidh eachtra eile.  Ar an 14 Deireadh Fómhair tá sé beartaithe, mar chuid d’uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach, cómhdháil a reáchtáil le hintleacht shaorga a phlé.

Tá cúrsaí IS ríthábhactach faoi láthair agus rialtais ag plé cén chaoi gur féidir an IS a shrianadh chun leas an phobail.

Ach má tá oibrithe na seirbhíse poiblí ag obair de réir rialach beidh an ghníomhaíocht sin ag cur isteach go mór ar an gcómhdháil, agus ag cur isteach go poiblí os comhair na hEorpa, rud nach bhfuil ag teastail ón rialtas.

Deir páirtithe an fhreasúra gur sampla eile é seasamh an rialtais den sotal a deir Mairéad Farrell, Sinn Féin, atá taobh thiar de gach gníomh polasái dá gcuid.

Tá le feiceáil an mbeidh ar an rialtas géilleadh sa deireadh, ach léirítear cheana easpa cumais Jack Chambers, an tAire Caiteachais Phoiblí, don jab atá le déanamh, dar le Farrell.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.