
Tá laghduithe cánach, méaduithe ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus infheistíocht bhreise sa tithíocht, sa tsláinte agus sa chúram leanaí i measc phríomhbhearta Cháinaisnéis 2027, ach tá díomá mhór léirithe ag eagraíochtaí Gaeilge agus ag TG4 faoin maoiniú atá curtha ar fáil don teanga.
Fógraíodh an Cháinaisnéis Dé Máirt, agus an rialtas ag díriú ar chostas maireachtála, tithíocht agus seirbhísí poiblí. Ardófar an tairseach don ráta cánach ioncaim 40% go €46,500 agus méadófar na creidmheasanna cánach pearsanta, fostaithe agus ioncaim thuillte faoi €125 an ceann. Ardófar an pá íosta náisiúnta 79 cent go €14.94 san uair freisin.
Beidh athruithe ar bhandaí an MSU chomh maith, agus measann an rialtas go bhféadfadh duine atá ag tuilleamh €50,000 a bheith thart ar €700 níos fearr as mar thoradh ar na hathruithe cánach.
Maidir le tithíocht, méadófar an tacaíocht faoin scéim Help to Buy ó €30,000 go €35,000, agus ardófar an creidmheas cánach cíosa go €1,150 do dhuine aonair agus €2,300 do lánúin. Tá maoiniú le cur ar fáil freisin chun 11,250 teach sóisialta nua a sholáthar.