D’eagraigh Craobh Inse Chór de Chonradh na Gaeilge siúlóid dúlra faoi stiúir an chraoltóra aitheanta agus an tsaineolaí comhshaoil Éanna Ní Lamhna Dé Sathairn seo caite, i gcomhar leis an gClub Reatha.
D’fhreastail idir óg agus aosta ar an ócáid, inar tugadh léargas ar an mbithéagsúlacht áitiúil agus ar an tábhacht a bhaineann le caomhnú an dúlra.
Le linn na siúlóide, phléigh Ní Lamhna na speicis éagsúla a bhí le feiceáil, ina measc feannóga, faoileáin, garbhfhéar, seagalach agus fungais ar a dtugtar fás aon oíche.
Thug sí taispeántas praiticiúil freisin ar an gcaoi le feithidí agus ábhar nádúrtha eile a bhailiú ó chrainn iúir agus darach trí scáth báistí a úsáid.
Labhair Ní Lamhna faoin gceangal stairiúil idir na Gaeil agus na crainn, agus spreag sí na rannpháirtithe chun aird níos mó a thabhairt ar an mbithéagsúlacht ina dtimpeallacht féin.