Tabharfar aitheantas d’iománaithe as ocht gcontae dhéag ag ócáid speisialta, agus na himreoirí is fearr ó chraobhchomórtais iománaíochta 2026 lasmuigh de Chorn Liam Mhic Cárthaigh le ceiliúradh; chomh maith le scoth na himreoirí ó Chorn Tailteann i bPáirc an Chrócaigh anocht.
Fógrófar iománaithe agus peileadóir na bliana freisin, agus beidh foirne na bliana i gCorn Sheosaimh Mhic Dhonncha agus i gcomórtais Chríostóra Uí Rinn, Niocláis Mhic Riocaird agus Labhraí Uí Mheachair i measc na n-aíonna oinigh.
Is iad Laois atá chun tosaigh ar fhoireann na bliana i gCorn Sheosaimh Mhic Dhonncha, le seachtar imreoirí roghnaithe tar éis dóibh an chraobh a bhuachan i mí an Mheithimh.
Ba bhliain shuntasach í d’fhoireann Chontae Laoise, a d’fhill ar Pháirc an Chrócaigh tar éis dóibh cluichí ceannais 2024 agus 2025 a chailleadh. An uair seo, áfach, d’éirigh leo an corn a thabhairt abhaile.