Tháinig breis agus 300 reathaí le chéile i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh seo caite, an 11 Deireadh Fómhair, don chéad Ghaelathon riamh, agus ba é Jack Whiriskey a bhain an chéad áit amach sa rás.
Bhí gach áit don rás díolta amach roimh ré agus tháinig cainteoirí líofa Gaeilge, foghlaimeoirí agus lucht reatha le chéile don ócáid, a d’eagraigh BÁC le Gaeilge chun úsáid na teanga a spreagadh trí mheán an spóirt.
Chríochnaigh Whiriskey an rás in 17 nóiméad agus 57 soicind, agus Richard McKeon sa dara háit leis an am 18:06. Tháinig Pádraig Mac Criostail sa tríú háit le 18:24, agus Conchubhair Furlong (18:32) agus Ciarán Ó Meachair (18:36) ag críochnú sna cúig áit ba thúisce.
Ba í Ciara de Bhulbh an chéad bhean a chríochnaigh an rás, leis an am 20:51, agus Emma Meade ina diaidh le 21:07.