Cáinfhaisnéis do dhaoine saibhre, grabhróga don chuid eile againn

Eoin Ó Murchú

Nuair a bhainimid an tseafóid agus an cur i gcéill ar fad de, is éard atá i gceist leis an gcáinfhaisnéis a fógraíodh sa Dáil an tseachtain seo ná ciorruithe cánach do na daoine saibhre agus tacaíocht do ghnólachtaí, agus gan ach rudaí imellacha don chuid eile againn.

Tá €1.65 billiún as pacáiste buiséid iomlán €8.5 billiún á leithdháileadh ar fhaoiseamh cánach ioncaim, ach ar bhealach nach dtéann chun tairbhe ach do mheánioncam agus d’ioncam níos airde. 

Ní bhainfidh aon duine a thuilleann níos lú ná €45,000 aon tairbhe as ar chor ar bith, agus ós rud é gurb é €38,500 an lárioncam bliantúil, ní fheicfidh oibrithe  ar phá níos ísle aon chuid den tairbhe sin.

Tráth a bhfuil barrachas gan fasach in airgeadas an stáit, níorbh fhéidir le rialtas Fhianna Fáil/Fhine Gael/Neamhspleách ach spochadh timpeall ar imill imní an lucht oibre.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.