Ba mhór an chúis cheiliúrtha é d’fhoireann An Páipéar Dé Luain seo caite agus 100 eagrán den nuachtán Gaeilge foilsithe ó bunaíodh é i mí Dheireadh Fómhair 2024.
Reáchtáladh cóisir speisialta i Halla na Gaeilge i gceannáras Fhoras na Gaeilge, Baile Átha Cliath, áit ar tháinig iriseoirí, scríbhneoirí, cairde agus lucht tacaíochta an nuachtáin le chéile chun an chloch mhíle thábhachtach seo a chomóradh.
Ag labhairt dó ag an ócáid ghabh eagarthóir An Páipéar, Cóilín Duffy, buíochas ó chroí le gach duine a chuidigh leis an nuachtán a fhorbairt le dhá bhliain anuas.
Dúirt sé gurb é cur chun cinn na Gaeilge an phríomhaidhm atá ag an bhfoireann agus gur éirigh leo nuachtán seachtainiúil a chothú in ainneoin na ndúshlán a bhí rompu, go háirithe sa chéad bhliain.







Thug sé aitheantas don obair a dhéantar sa chúlra, agus na huaireanta fada a chaitheann baill na foirne ag ullmhú gach eagráin.
Chuir sé béim freisin ar an aitheantas atá á fháil ag An Páipéar i saol na meán Gaeilge, agus dhá ainmniúchán faighte ag an nuachtán do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana.
Tá Cóilín féin ainmnithe do ghradam Iriseoir na Bliana agus Aoife Granville ar an ngearrliosta do Cholúnaí na Bliana.
Dar leis, ní bhaineann na hainmniúcháin sin le daoine aonair amháin, ach leis an iarracht chomhchoiteann atá déanta ag an bhfoireann ar fad.
Chuir sé fáilte freisin roimh an bhforbairt atá tagtha ar earnáil na meán clóite Gaeilge agus mhol sé do scríbhneoirí nua, idir dhaoine óga agus dhaoine fásta, ábhar a chur faoi bhráid an nuachtáin.
Labhair Caoimhín Ó Cadhla, bunaitheoir An Páipéar agus duine den bhunfhoireann, faoin obair mhór a bhí i gceist leis an nuachtán a chur ar bun.
Dúirt sé gur ábhar mórtais é 100 eagrán a bhaint amach, go háirithe agus na dúshláin airgeadais a bhaineann le foilseachán neamhspleách a reáchtáil.
Thug sé buíochas do na léitheoirí, do na síntiúsóirí agus do na fógróirí a chabhraigh an nuachtán a choinneáil ar an bhfód.
Bhí 24 leathanach san eagrán speisialta, seachas na 16 leathanach a bhíonn ann de ghnáth.
Agus dara breithlá An Páipéar ag druidim linn, táimid ag súil le leanúint den obair, le guthanna nua a thabhairt chun cinn agus le seirbhís nuachta neamhspleách trí Ghaeilge a chur ar fáil dár léitheoirí ar fud na tíre.