Bhí craoltóireacht na Gaeilge go mór chun cinn ag Gradaim Raidió IMRO 2026, agus trí bhonn óir ag dul chuig RTÉ Raidió na Gaeltachta, bonn cré-umha á bhaint amach ag BBC Gaeilge agus aitheantas speisialta á thabhairt do Helen Ní Shé as an méid atá déanta aici ar son na craoltóireachta Gaeilge.
Tháinig lucht raidió ó gach cearn d’oileán na hÉireann le chéile in Óstán Lyrath Estate i gCill Chainnigh don searmanas, a chuir Dermot Whelan i láthair. Tugadh aitheantas don scoth i gcúrsaí raidió i 42 catagóir, idir nuacht, spórt, ceol, drámaíocht agus cláir chainte.
Ba é Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhain an bonn óir amach sa chatagóir Craoltóireacht le Gaeilge. Tháinig An Club le hAindriú agus Hugh ar RTÉ 2fm sa dara háit, agus bhain Blas Ceoil: Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste de chuid BBC Gaeilge an bonn cré-umha amach.