Tar éis an dul chun cinn suntasach a rinneadh i gCáinaisnéis 2026, bhíothas ag súil go leanfaí den infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht arís i mbliana. Ina áit sin, is deacair féachaint ar Cháinaisnéis 2027 mar rud ar bith seachas deis caillte.
De réir na bhfigiúirí atá fógartha go dtí seo, beidh €4.27 milliún sa bhreis d’airgead reatha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ach ag an am céanna beidh laghdú €5 mhilliún ar an mbuiséad caipitil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin. Tá milliún euro breise luaite d’Fhoras na Gaeilge, €750,000 don phleanáil teanga, €500,000 d’Údarás na Gaeltachta agus milliún euro do scéimeanna Gaeltachta.
Ní suimeanna gan fiúntas iad sin. Ach ní féidir breathnú orthu gan chomhthéacs.
Anuraidh fógraíodh €23 milliún breise don Roinn a bhí freagrach as an nGaeilge agus an Ghaeltacht, chomh maith le €5.4 milliún breise do TG4. Ba chosúil go raibh aitheantas á thabhairt faoi dheireadh don ghá le hinfheistíocht leanúnach agus fhadtéarmach sa teanga. I mbliana, áfach, tá an pictiúr i bhfad níos measa.