Ráflaí faoi ráig plá scamhógach sa Rúis

Tá tuairiscí ann faoi láthair maidir le ráig plá scamhóg sa Rúis tar éis do bhean óg 28 bliana d’aois bás a fháil Dé hAoine seo caite. Níl sé dearbhaithe ag an bpointe seo cad ba chúis le bás na mná óige ach is eol a hainm, Darya Shipilova, agus gur oibrí saotharlainne de chuid Institiúd Frith-Phlá Irkutsk sa tSibéir sa Chianoirthear í.  D’fhógair oifigeach Rúiseach go bhfuair sí bás mar gheall ar niúmóine “de bhunús anaithnid” agus níor luadh aon nasc ag a bás lena hobair.

Tá beagnach 200 duine a raibh teagmháil leis an mbean faoi bhreathnóireacht leighis réamhchúramach de réir tuairiscí ó mheáin na Rúise.  Dar le foras faire tomhaltóra agus sláinte sa Rúis, Rospotrebnadzor, tá monatóireacht á déanamh ar oibrithe na saotharlainne agus “níor thángthas ar fhadhbanna sláinte a bhaineann le galair infhabhtaithe le haon duine acu.”

Tá tuairiscí ann go bhfuil an dara fostaí sa saotharlann céanna tar éis tinneas cosúil leis a thógáil dar le hoifigigh ón Eagraíocht  Dhomhanda Sláinte ag seisiún eolais Dé Céadaoin, cé nach bhfuil sé seo dearbhaithe. Léirigh riarachas Donald Trump sna Stáit Aontaithe imní faoi ráflaí dá leithéid de ráig agus más ann di a thuilleadh. Léirigh ag iaroifigeach sa Teach Bán, an Dochtúir Ashish Jha, imní freisin faoin bhféidearthacht go mbaineann an ráig seo, más fíor, le clár arm bitheolaíochta. Níl aon fhianaise ann faoi láthair go bhfuil a leithéid i gceist.

Tá sé mar aidhm ag Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, labhairt le hUachtarán Chonaidhm na Rúise, Vladimir Putin, maidir le bás an oibrithe saotharlainne sa Rúis.  Ghríosaigh Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe, Marco Rubio, na Rúisigh níos mó eolais faoin scéal seo a roinnt leo agus tá siad ag faire go géar ar an scéal seo i láthair na huaire.

Maidir leis an bplá féin, dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tá sé tábhachtach go dtuigeann daoine na bunfhíricí a bhaineann leis an ngalar seo. Tá trí chineál plá ann: an phlá bhúbónach (an ceann is coitianta) a scaipeann dreancaidí ó chreimirí; an phlá scamhógach (an ceann is marfaí) a scaipeann san aer i mbraoiníní beaga bídeacha; agus an phlá sheipticéimeach a scaipeann san fhuil. Níl na galair seo chomh marfach is a bhíodh siad na cianta ó shin agus oibríonn antaibheathaigh go han-éifeachtach ina gcoinne. I gcás na plá scamhógaí, tá ráta báis an-ard (beagnach 100%) ag baint léi mura ndéantar cóir leighis thráthúil uirthi, ach seachas sin bíonn antaibheathaigh an-éifeachtach ina coinne.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.