
Tá Pádraig de Burca, saoririseoir le An Páipéar, ceaptha mar Oifigeach Gaeilge nua ag Pobal Éireann Wikimedia.
Beidh sé freagrach as úsáid na Gaeilge a mhéadú ar thionscadail Wikimedia, chomh maith le pobal eagarthóireachta na Vicipéide a neartú agus tuilleadh Gaeilgeoirí a spreagadh chun cur leis an ábhar atá ar fáil. Tiocfaidh sé i gcomharbacht sa ról ar Amy Uí Ríordáin, atá anois ina bainisteoir pobail leis an eagraíocht.
Cuireadh post an oifigigh Gaeilge ar bun in 2023 tar éis do Phobal Éireann Wikimedia maoiniú breise a fháil ó Fhondúireacht Wikimedia. Ó shin i leith tá plean straitéiseach curtha le chéile chun cur le láithreacht na teanga ar na hardáin éagsúla agus chun tacú leis na daoine a chuireann ábhar Gaeilge ar fáil.
Tá beagnach 65,000 alt ar Vicipéid, leagan Gaeilge Wikipedia, agus is oibrithe deonacha a scríobh iad. Léiríonn na figiúirí is déanaí méid na húsáide a bhaintear aisti, le seacht milliún amharc leathanaigh agus 5,000 eagarthóireacht taifeadta i Meán Fómhair 2026. Sa 12 mhí go deireadh na míosa sin bhí 72 milliún amharc leathanaigh ann.
Ag labhairt dó faoina cheapachán dúirt de Burca go bhfuil “áit lárnach ag Vicipéid i saol comhaimseartha na Gaeilge”, cé nach bhfeictear sin go minic.
“Tá obair mhór déanta ag pobal Vicipéid le blianta fada anuas,” a dúirt sé. “Ba mhaith liom cur leis an obair sin, agus cuireadh a thabhairt do níos mó Gaeilgeoirí páirt a ghlacadh ann.”
Tá cúlra leathan ag de Burca i gcúrsaí teicneolaíochta, cultúir agus oibre pobail. Chaith sé tréimhse ag obair le hÓgras agus ag léachtóireacht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bhunaigh sé GaelTeic, a bhuaigh Duais Barr50 as seirbhísí teicneolaíochta trí Ghaeilge, agus d’oibrigh sé roimhe seo mar bhainisteoir teicneolaíochta le PwC. Is ealaíontóir digiteach é freisin faoin ainm Gael.Pix.
Ina chéad bhliain sa phost tabharfaidh sé ceardlanna struchtúrtha Vicipéid chuig meánscoileanna agus clubanna óige. Tá sé beartaithe aige freisin dul i gcomhar le leabharlanna agus cartlanna Gaeltachta chun ábhar a chur ar Wikimedia Commons, agus eagaratóin rialta a reáchtáil chun rannpháirtithe nua a mhealladh agus a chothú.
Beidh de Burca, Uí Ríordáin agus baill eile den fhoireann i láthair ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ag deireadh Dheireadh Fómhair, áit a mbeidh siad ag bualadh le daoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge dhigiteach.