Beidh clár le craoladh an tseachtain seo agam ar Raidió Fáilte, a dhéanfaidh rud éigin úr a thriail. I mo shraith reatha, Léargas, déanaim agallaimh le daoine i saol na Gaeilge, as Gaeilge, ar ndóigh.
Ach mhothaigh mé gur chóir go mbeimis in ann daoine, go háirithe as na tíortha Ceilteacha eile, a chur in aithne dár lucht éisteacha.
Má bhíonn teanga eile Cheilteach ag láithreoirí Raidió Fáilte ba chóir an clár a dhéanamh go dátheangach uaireanta dar liom.
Chuige sin Dé Sathairn beag seo cuirfidh mé amach clár go hiomlán i nGaeilge agus i mBreatnais. Is í Efa Gruffudd Jones, Coimisinéir na Breatnaise, m’aoi sa chlár, agus scéal thar a bheith suimiúil a insíonn sí.
Ach rachfaidh mé siar píosa, le rudaí a mhíniú.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!