Pinsinéirí le fágáil ar an ngannchuid

Fad a bhíonn an rialtas ag streachailt le fadhbanna buiséid gan áireamh, lena n-áirítear costas breosla, téamh tí, agus na róchaiteachais leanúnacha in earnáil na sláinte agus an oideachais, tá imní ag dul i méad i measc pinsinéirí, agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, go bhfuil an chuma ar an scéal, in ainneoin cistí an stáit a bheith ag cur thar maoil, go mbeidh méaduithe pinsin go suntasach níos lú ná mar is gá chun dul i ngleic le hardú an bhoilscithe.

San fheachtas toghcháin in 2024 gheall Fianna Fáil agus Fine Gael go n-ardóidis an pinsean stáit go €350 sa tseachtain. Faoi láthair tá sé ag €299, rud a chiallaíonn go bhfuil ardú €50 riachtanach roimh an gcéad toghchán seo chugainn má tá an gealltanas le comhlíonadh.

Deir urlabhraithe pinsinéirí go bhfuil €10 riachtanach ar a laghad anois le coinneáil suas le boilsciú ginearálta. Ar ndóigh tá boilsciú níos measa i gcostas maireachtála, bia agus, thar aon rud, fuinneamh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.