Fógraíodh An Droichead, Béal Feirste, mar phríomhbhuaiteoir Ardán 2026 ag ócáid Ghlór na nGael in Óstán Chonnacht, Gaillimh, Dé Sathairn. Bronnadh €20,000 ar an ngrúpa as tionscadal a thacaíonn le páistí a bhfuil sainriachtanais acu agus lena dteaghlaigh sna luathbhlianta trí Ghaeilge.
Chruthaigh An Droichead post do chomhordaitheoir sainriachtanas oideachais, chuir sé oiliúint ar bhaill foirne agus d’fhorbair sé pleananna aonair do pháistí. Bunaíodh grúpa tuismitheoirí agus tachrán freisin. Fuair Pobal Eascarrach, Co. Dhún na nGall, an dara háit agus €10,000 as Dúchas na nDaoine, a chuireann tacaíocht trí Ghaeilge ar fáil do dhaoine atá ag streachailt le halcól, substaintí nó iompraíochtaí andúileacha.
Seo buaiteoirí na n-ocht gcatagóir, agus €3,000 an ceann acu: An Óige — Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt; An Teaghlach — Fís an Phobail; An Ghaeltacht — Coiste Forbartha Chnoc Fola; Oideachas — Cill Dara le Gaeilge; Tacaíochtaí Pobail agus Folláine — Pobal Eascarrach; Gnó agus Fiontraíocht — Muineachán le Gaeilge; Labhairt na Gaeilge — Gaillimh le Gaeilge; agus Caomhnú Comhshaoil agus Oidhreachta — Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain.