
Rugadh Tomás Dáibhís (1814-45), a bhí ina Éireannach Óg, file, agus iriseoir, i Mala, Co. Chorcaí. Ba é an mac is óige le James Thomas Davis, máinlia míleata de shliocht Breathnach agus Sasanach, agus Mary Atkins, a bhog ar ball go Baile Átha Cliath, áit ar cheannaigh sí teach ar Shráid Bhagóid.
Cé gur mhaígh muintir a athar go raibh siad go hiomlán Sasanach, b’iníon le hÓ Suilleabháin Beara a shin-seanmháthair, rud a dhearbhaigh a oidhreacht Ghaelach. Seans maith go raibh Dáibhís, tríd an nasc sin le muintir Uí Shuilleabháin, gaolta le Dónal Ó Conaill, cé nach raibh a fhios ag ceachtar acu. Agus é óg chaith Dáibhís a shaoire i dTeampall Doire i gCo. Thiobraid Árann, ceantar ina raibh cuimhne láidir ar 1798 agus an Ghaeilge fós i réim ann.
Níor thiontaigh Dáibhís i dtreo náisiúntacht na hÉireann de splanc nó thar oíche. Ach i dteannta grúpa beag mac léinn Protastúnacha agus Caitliceach i gColáiste na Tríonóide chabhraigh sé le hathréimniú coinsias náisiúnta na hÉireann i dtreo deireadh na 1830í.
Ghlac sé ról an uachtaráin ar chumann staire an choláiste agus d’fhorbair sé a smaointe i dtrí léacht thábhachtacha. Cé nár úsáid sé an focal “náisiúnachas” riamh, ba é an cur síos a bhí aige ar an náisiúntacht ná aontas idir Éireannaigh beag bean ar a gcúlraí agus nasc láidir acu lena bhfód dúchais.
Níor mhór don náisiúntacht seo “neamhaird a dhéanamh den tsainaicme agus a bheith saor ó pháirtithe”, agus a bheadh ionadaíoch ar gach “cine” (an focal “race” a tuigeadh mar “pobal” an t-am sin, rud nach dtuigeann faisistithe an lae inniu) sa tír. Ní fhéadfadh an náisiúntacht seo a bheith “Ceilteach ná Sacsanach – níor mhór dó a bheith Éireannach”. Ainneoin claontachtaí agus laigí intleachtach Choláiste na Tríonóide, is ann a forbraíodh an idéal is láidre agus is stuama de náisiúntacht na hÉireann sa ré nua-aimseartha.
Rinne Dáibhís staidéar ar an dlí i Londain in 1838, chuaigh sé ar shiúlóidí sa Bhreatain Bheag, agus glacadh leis mar abhcóide an bhliain chéanna. Ach níor chloígh sé leis an dlí agus níor fhág sé Éire arís.
Níl bun ná barr leis gur ghlac sé, mar a maíomh ar ball, leis an náisiúnachas rómánsach Gearmánach agus Francach chuige féin agus é ag taisteal ar an Mór-Roinn. Baineadh leas as an miotas seo chun beag is fiú a dhéanamh de na hÉireannaigh Óga mar dhream a bhí idéalach rómánsach agus a bhí faoi thionchar tíortha iasachta.
Idir 1839 agus 1843 scríobh Dáibhís prós agus véarsaí do The Citizen, iris i mBaile Átha Cliath a bhí báúil do na Fuigeanna ach a léirigh gnéithe de náisiúntacht na hÉireann. Bhí meas aige ar pharlaimint Grattan ach chuir sé as dó mar ba léir, ar sé, “nár caitheadh an tsaoirse a buadh i dtraipisí chomh héasca ariamh”, rud a chinntigh go rithfí Acht an Aontais i ndiaidh Éirí Amach 1798.
I dtaobh cheist na talún, ba cheist “beatha nó bás don chosmhuintir” a bhí ann. Chuir tiarnaí talún neamhláithreacha as go mór do Dháibhís. “Is ann d’Éirinn, agus tá na milliúin ag saothrú ar son uasaicme ghallda fad is a lobhann an chosmhuintir ar a dtailte dúchasacha”
Idir na blianta 1842 agus 1845 ba é The Nation príomhnuachtán tuairim pobal na hÉireann. Bhí Cathal Gabhánach Ó Dubhthaigh ina eagarthóir agus ba é Dáibhís an príomhscríbhneoir. In amanna scríobhadh é nach mór 15,000 focal an eagráin. I mbailéid ar nós The West’s Asleep (1843) agus A Nation Once Again (1844) agus ina phrós láidir ar chúrsaí polaitíochta, ealaíona, talmhaíochta, eacnamaíochta agus cúrsaí eachtracha, chuir Dáibhís smaointe faoi bhráid an phobail a raibh sé mar aidhm acu forbairt a dhéanamh ar an náisiúntacht Éireannach agus saoirse a bhaint amach.
Bhí an míleatachas mar théama lárnach ina chuid filíochta, i measc téamaí eile. In A Song for the Irish Militia (1845), scríobh sé gurb é “claíomh an tsaighdiúra amháin is féidir an síol a cuireadh go cróga a bhaint”. Ach níor chreid sé sa mhíleatachas gan chiall ná gan straitéis agus rinne sé achainí ar dhaoine a bheith críonna, foighne a bheith acu agus láidreacht a léiriú tríd an disciplín;
“Ní crógacht ná cruach amháin, áfach,
A chuirfeas ríl ar an Sasanach;
Ach saíocht, obair ó lá go lá,
Go dtiocfaidh barrachas an ghrá”
Tháinig na hÉireannaigh Óga le chéile thart ar Dháibhís sna 1840í. Ina measc bhí Ó Dubhthaigh, Seán Mistéil, Liam Mac Gabhann Ó Briain agus daoine eile nach iad. D’fhógair Dáibhís gurb é “Ourselves Alone” manna an ghrúpa.
Chuaigh Dáibhís in adharca le hÓ Conaill agus an tArd-Easpag Seán Mac Éil ar cheist na gcoláistí tuata faoi úinéireacht an stáit. Chreid na Caitlicigh chráifeacha gur “coláistí neamhdhiaga” a bheadh iontu. Ach dár le Dáibhís ba bhunús riachtanach den náisiúntacht ionchuimsitheach é an t-oideachas imeasctha.
Ní raibh spéis ag Dáibhís óráidí a thabhairt ná a bheith ina cheannaire agus chreid sé go raibh cumhacht níos mó sa pheann ná san óráidíocht. Scríobh sé tuairiscí cuimsitheacha ar cheist na talún, an oideachais agus chumhacht mhíleata impireacht na Breataine. Scríobh sé ar son bhorradh na litríochta Éireannaí, chaomhnú na Gaeilge (ainneoin nach raibh sé líofa é féin), agus athbheochan ar thraidisiún ealaíona na meánaoiseanna.
De dheasca na tréaniarrachta bhí sláinte Dháibhís imithe in olcas faoin mbliain 1845. Ina óráid dheireanach labhair sé ar son athmhuintearas sa ghluaiseacht ar son Reipéil a bhí scoilte idir Éire Óg agus Éire Aosta, an dream a d’fhan dílis d’Ó Conaill, faoin tráth sin. I mí Lúnasa scríobh sé eagarfhocal a cháin “forlámhas na ndéantúsóirí” agus tíorántacht lucht an rachmais ar lucht oibre Shasana.
Fuair sé bás roimh a 31ú breithlá. Bhí slua ollmhór agus tírghráthóirí na hÉireann i measc an tslua a lean a chónra thar bhochtáin na Saoirsí a bhí i mbun caointe go Reilig Chnoc Iaróm.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.