Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie
Dé hAoine an 18 Meán Fómhair
AthGhaelú, le Ciarán Mac Giolla Bhéin
5.45 go 7 pm
Cultúrlann Uí Chanáin
37 Sráid Mhór Shéamais, Doire
Imeacht saor in aisce
Meastar go dtagann timpeall 95% dár logainmneacha ón Ghaeilge. Is feachtas é AthGhaelú a bhunaigh Conradh na Gaeilge i mbliana chun daoine a spreagadh le logainmneacha Gaeilge a úsáid in ionad logainmneacha Béarla i ngach gné den saol.
Beidh an chaint faoi stiúir uachtarán na heagraíochta, Ciarán Mac Ghiolla Bhéin, lena fhiosrú cén dóigh le bheith páirteach, cad chuige a bhfuil sé tábhachtach, agus le plé a dhéanamh ar chúlra stairiúil AthGhaelú, is é sin an léacht a thug Dubhghlas de hÍde in 1892, The Necessity for De-Anglicising Ireland san áireamh, a nochtaigh an maolú a rinneadh ar fhéiniúlacht na hÉireann agus an síoraithris ar chultúr, teanga agus nósanna Shasana.
Tabharfar an chaint trí Ghaeilge, agus beidh aistriúchán comhuaineach ar fáil.
Beidh ár seisiún míosúil Club Ceoil Thraidisiúnta ar siúl sa bheár ina dhiaidh sin.
Tob-Ghaeltacht
7.30 pm
Railway Bar, Pas an Phointe
Oíche Airneáil
le Seanchas Sheáin Néill
8 pm
Áislann Rann na Feirste
Bean an tí Brídanna Ní Bhaoill
Oíche den scoth geallta le cairde Sheanchas Shéain Néill, ceol, comhluadar agus craic
Imeacht saor in aisce
Le tacaíocht ó Ealain na Gaeltachta
Dé Sathairn an 19 Meán Fómhair
Rí Rá agus Rith
10 am
Brixton
Caife agus comhrá ina dhiaidh in F. Monday’s
Seoladh Comórtas Peile na Gaeltachta 2027 agus Plean Teanga CLG Lios Póil
8 pm
Tigh Tabhairne Uí Shúilleabháin, Garraí na dTor
Bigií linn d’oiche ceoil agus caint
Arna eagrú ag CLG Lios Póil
Dé Luain an 21 Meán Fómhair
Gligíní le Mags
Grúpa spraoi do pháistí 0 go 4 bliana d’aois agus a dtuismitheoirí, caomhnóirí, mamó nó daideo
10.30 am go meán lae gach Luan
Halla Dhún Ibhir
Eolas agus clárú le Siobhán, 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Gligíní le Máire
Grúpa spraoi do pháistí 0 go 4 bliana d’aois agus a dtuismitheoirí, caomhnóirí, mamó nó daideo
1.15 go 2.15 pm gach Máirt
An tSeanscoil, Ceathrú Thaidhg
Eolas agus clárú le Siobhán, 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Club Fichille le Myles
Do thuismitheoirí agus páistí
5.30 – 7 pm
Seomra poiblí, Tóin re Gaoith
Eolas agus clárú le Siobhán, 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Dé Máirt an 22 Meán Fómhair
Comhrá Teaghlaigh
4 pm gach Máirt
Solas, an Eachléim
Eolas agus clárú le Siobhán, 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Trasteangú sa Seomra Ranga agus sa Scoil
7 go 8 pm
Ar líne
Clárú ag https://www.galwayec.ie
Bí linn chun neart smaointe, cluichí agus gníomhaíochtí spraíúla a fheiceáil agus a fhoghlaim a spreagfaidh bhur ndaltaí Gaeilge agus máthairtheangacha a labhairt gach lá. Tá sé oiriúnach do chuile rang agus do chuile scoil. Tá páistí ag freastal ar scoileanna fud fad na tíre a bhfuil teangacha difriúla acu sa bhaile. Is féidir linn chuile theanga a cheiliúradh chuile lá.
Imeacht saor in aisce!
Fáilte roimh chách!
Arna eagrú ag Ionad Tacaíochta Oideachais na Gaillimhe
Dé Céadaoin an 23 Meán Fómhair
Ciorcal cairdis le Máire
3.30 go 5 pm
An tSeanscoil, Ceathrú Thaidhg
Eolas agus clárú le Siobhán, 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Anonn, dráma dátheangach
8 pm
Ionad Ealaíon Bhruach na hAbhann, Droichead Nua, Contae Chill Dara
Déardaoin an 24 Meán Fómhair
Gligíní
Grúpa spraoi do pháistí 0 go 4 bliana d’aois agus a dtuismitheoirí, caomhnóirí, mamó nó daideo
12.30 go 2 pm gach Déardaoin
Halla Naomh Breandán, Eachléim
Eolas agus clárú le Siobhán, 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta
Airneán
8 pm
Small Changes Wholefoods Cafe, BÁC 8
Ceol, pobal, comhluadar na nGael.
Tugtar cuireadh duit oíche a chaitheamh ag éisteacht le ceol comhaimseartha na Gaeilge i gcomhluadar suáilceach na nGael. Beidh píotsa agus fíon ar díol ag Small Changes don lucht féachana.
Le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, BÁC le Gaeilge agus Ciste Spreagtha Sheachtain na Gaeilge.
Ticéid €20 trí Eventbrite
Dé hAoine an 18 Meán Fómhair go Dé Sathairn an 19 Meán Fómhair
Sean-Nós Ard Mhacha Theas
Dé hAoine an 18 Meán Fómhair
7 pm oscailt oifigiúil na féile, seoladh leabhair agus oíche airneáil agus ceol
Teach Bhéal Leice, 16 Príomhshráid, Béal Leice, an tIúr, BT35 7PH