Beidh Oíche Chultúir ar siúl anocht, Dé hAoine an 18 Meán Fómhair, agus réimse leathan imeachtaí Gaeilge beartaithe ar fud na hÉireann.

Idir cheol, drámaíocht, litríocht, damhsa agus scéalaíocht, beidh rud éigin ar fáil do gach aois agus gach spéis.

Cibé acu a labhraíonn tú Gaeilge gach lá, is cuimhin leat cúpla focal ón scoil, nó más mian leat blaiseadh a fháil den teanga ar bhealach úrnua, tugtar cuireadh do gach duine páirt a ghlacadh in imeachtaí Gaeilge ag Oíche Chultúir 2026 trí cheol, scéalta, taibhiú agus ceiliúradh. 

Beidh clár bríomhar imeachtaí Gaeilge agus cultúrtha Éireannacha ar siúl i bpobail ar fud na tíre, a thabharfaidh deis do lucht féachana agus éisteachta blaiseadh a fháil den teanga i suíomhanna réchúiseacha, fáilteacha agus siamsúla. 

Níl aon ghá a bheith i do chainteoir líofa. Ina áit sin, is féidir le lucht féachana agus éisteachta anam na Gaeilge a chloisteáil trí amhránaíocht agus scéalaíocht, taitneamh a bhaint as ceol traidisiúnta agus comhaimseartha, suim a chur i litríocht agus amharclannaíocht na Gaeilge, nó an t-atmaisféar a bhrath in éineacht le do chairde agus do theaghlach. 

Ar chlár na bliana seo tá gach rud idir oícheanta cluthara filíochta agus ceoil, agus ceiliúradh uaillmhianach ar fud chósta Ghaeltacht na hÉireann. Seo thíos liosta na n-imeachtaí, curtha in eagar de réir contae, mar aon lena n-amanna agus lena n-ionaid.

Tá tuilleadh eolais ar https://www.culturenight.ie agus https://www.antoireachtas.ie

Contae Aontroma

  • 5 go 10 pm — Seolta Geala, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Contae Ard Mhacha

  • 7 go 9 pm — Ceiliúradh ar thraidisiún amhránaíochta an cheantair le Pádraigín Ní Uallacháin — Áras an Chairdinéil Ó Fiaich
  • 7.30 go 11 pm — Ceiliúradh Cultúrtha le CLG Naomh Pádraig, clubtheach Naomh Pádraig
  • 6 go 7.30 pm — Cú Chulainn agus an Iománaíocht.Gairdíní na Tamhnaí Móire, an Lorgain
  • 7 go 8 pm — Ealaín na Laochra, Anam, Caifé na Carraige

Contae Bhaile Átha Cliath

  • 5 go 6 pm — Abair Amhrán Linn, príomhoifig Ghael Linn
  • 6:30 go 8 pm — Siúlóid ó Plás Theampall Chríost go dtí Dáil Éireann
  • 7 go 11 pm — Ceardlanna Ceoil le CLG Uí Dhuibhir, CLG Uí Dhuibhir
  • 5 go 9 pm — Oíche Chultúir ar Champas Phádraig OCBÁC, Campas Phádraig OCBÁC
  • 5 go 9 pm — Oíche Chultúir i Músaem Ard-Oifig an Phoist, Músaem Ard-Oifig an Phoist
  • 4 go 8 pm — Oíche Chultúir i dTeach an Chustaim, Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim
  • 4 go 9 pm — Oíche Chultúir i dTeach Jameson: Ceol, Caint agus Manglaim, Drioglann Jameson, Sráid Bowes
  • 5 go 9 pm — Oíche Chultúir in Acadamh Ríoga na hÉireann,  Acadamh Ríoga na hÉireann
  • 8 go 9 pm — Fiadhúlra Oileán an Bhulla le Proinsias Mac an Bheatha, Naomh Uinsionn CLG
  • 8.30 go 10.30 pm — GaelGÁIRÍ, Briody’s
  • 4 go 9 pm — Músaeim Tí na Teanga: Féiniúlacht, Litríocht agus Cuimhne Chultúrtha sa tSlóivéin agus in Éirinn, Ambasáid Phoblacht na Slóivéine
  • 6.35 go 7.05 pm — Blue Niall, Cearnóg Theach an Tionóil
  • 5.55 go 6.25 pm — Holly Munro, Cearnóg Theach an Tionóil
  • 8.45 go 9.25 pm — Jessie agus an Veil, Cearnóg Theach an Tionóil
  • 6.40 go 7.10 pm — Mali Hâf, Sráid an Iarla Thuaidh
  • 7 go 10 pm — Oíche Cheoil i gCumann Naomh Eoin, Cumann Naomh Eoin, Baile an tSaoir
  • 6.30 go 8 pm — Oíche Cheoil le CLG Baile Buadáin Naomh Éanna — CLG Baile Buadáin Naomh Éanna
  • 9 pm go meán oíche — Oíche Chultúir le Raidió na Life, Teach Tábhairne Cleary’s
  • 5 go 10 pm — Turas parlaiminte ar Dháil Éireann agus Seanad Éireann, Tithe an Oireachtais
  • 6 go 10 pm — An Fhuaim Fhoirfe, The O’Brien Press
  • 7 go 9 pm — Pop-Up Gaeltacht i Leamhcáin, Tigh Curnáin
  • 7 go 8 pm — Stair agus Oidhreacht Choláiste Ríoga na Máinleá, Humanarium, 118 Coláiste Ríoga na Máinleá
  • 6 go 8 pm — Trad-Dioscó,Campas Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
  • 5 go 9 pm — Bain Triail as Teanga Nua, Teach na hEorpa
  • 5.30 go 8 pm — Turas Treoraithe Gaeilge ar Champas Choláiste na Tríonóide, Coláiste na Tríonóide
  • 4 go 7.30 — Cuairt ar Chaisleán Ráth Fearnáin, Caisleán Ráth Fearnáin

Contae an Chabháin

  • 7.30 go 9 pm — Comhaltas Chillín Chéir, Ionad Fóillíochta Chillín Chéir
  • 6 go 7 pm — Taispeántas Margaret McKenna, Leabharlann Lárnach Johnston
  • 6.30 go 8.30 pm — Húlaí Ilchultúrtha á reáchtáil ag NYAH an Chabháin, Óstán Farnham Arms

Contae Cheatharlach

  • 5 go 5.45 pm — Ceolchoirm Ukulele agus Amhránaíochta,Caifé Leabhair agus Lattés
  • 6 go 7 pm — Mic Oscailte,Caifé Lambert
  • 6 go 6.45 pm — Mic Oscailte as Gaeilge, Caifé Lambert
  • 5 go 5.45 pm — Ukulele as Gaeilge le Seinnteoirí Ukulele Cheatharlach, Leabhair agus Lattes

Contae Chiarraí

  • 7 go 8 pm — An Bádchlós, seansuíomh an Bhádchlóis, Daingean Uí Chúis

Contae Chill Chainnigh

  • 6 go 7.30 pm — Amhráin Dúchais agus Dóchais, Teach an Rúitigh
  • 6.30 go 7.30 pm — Rang Rince Comhaimseartha do Dhaoine Fásta, Ionad Pobail Bhaile Mhic Andáin
  • 6 go 9 pm — Cultúr 2026: Seisiúin Teaghlaigh i dTeach Rothe, Teach Rothe

Contae Chill Dara

  • 6 go 7 pm — Amhráin Scoile Ghaeilge, Leabharlann an Náis
  • 6.30 go 7.20 pm — Gaeilge Chois Bhearu, Leabharlann Bhaile Átha Í
  • 7.30 go 10.30 pm — Oíche Bhothántaíochta, Con Cummins
  • 5.30 go 7 pm — Oíche Litríochta agus Cheoil, Músaem Choláiste Phádraig, Maigh Nuad

Contae Chill Mhantáin

  • 7.30 go 8.30 pm — Ar Shiúl leis na Sióga: I bPreabadh na Súl, Scoil Naomh Bríd, Cnoc an Eanaigh
  • 8 go 10 pm — Oíche Scoraíochta Bhaile an Chinnéidigh, Séipéal Naomh Matha

Contae an Chláir

  • 8 go 9.15 pm — Fuaim na Brasaíle: Ceiliúradh ar Cheol Coitianta na Brasaíle, Gailearaí Súil, Causeway Link, Inis
  • 4.45 go 8.45 pm — Spleodar in Óir: Oíche Cheoil, Amhránaíochta agus Litríochta, Óir, Loughrask
  • 7.30 go 9 pm — Clann Flanagan: Ar Scáth a Chéile, Teach Ceoil Chora Finne

Contae Chorcaí

  • 4.30 go 6.25 pm — An tOireachtas–UCC–An Mol–The Shtepps: Foinn agus Filíocht, Cumann Ceoil Thraidisiúnta Choláiste na hOllscoile, Corcaigh
  • 4 go 8 pm — Aon Scéal?, Sráid Chorcaí
  • 4 go 7 pm — Aon Scéal?, Siopa Leabhar/SuperValu, príomhbhaile Charraig Uí Leighin
  • 6 go 9 pm — Ceol, samhsa, stair agus oidhreacht in Ionad Pobail na Linne Duibhe, Ionad Pobail na Linne Duibhe
  • 6 go 9 pm — Conair Oidhreachta na Linne Duibhe, Ionad Pobail na Linne Duibhe
  • 6 go 9 pm — Ceiliúradh Cultúrtha ar Oileán Béara, an Halla Druileála agus Léachtaí, an tOileán Mór
  • 4.30 go 5.45 pm — Ciorcal Comhrá, Siopa Uí Mhathúna, Cnocán na Biolraí
  • 7 go 8.30 pm — Coirm Cheoil Chorcaí, Áiléar Lewis Glucksman, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
  • 4 go 8.15 pm — Trí Lionsa Comhroinnte: Ceol, Cultúr na hÉireann agus Grianghrafadóireacht — Leabharlann Chathair Chorcaí, an tSráid Mhór
  • 5.30 go 6.30 pm — Foinn agus Filíocht, an Mol, Coláiste na hOllscoile Corcaigh
  • 6 go 7 pm — Na Trí Ghabhar Chliste le Compántas Cois Laoi, Caisleán Mala
  • 6 go 11 pm — Oíche Cheoil le Ger Wolfe, an Tigín, an Scoil
  • 9 go meán oíche — Oíche Ghaelach, Bridge House Bar
  • 6.30–7.30 pm — Óstán Clayton: Gaeilge Cois Laoi, Óstán Clayton, Cé Lapp
  • 6.45 go 7.15 pm — Sí Gong, Leabharlanna Chathair Chorcaí
  • 6 go 7.30 pm — Tara Viscardi agus Robert Harvey, an Léachtlann
  • 7.30 go 11.45 pm — Ó Bhéal go Béal, The Hayloft, Long Valley
  • 6 go 7 pm, Stair Cheilte Jameson ón gCartlann, Ionad Eispéiris Dhrioglann Mhainistir na Corann

Contae Dhoire

  • 5.45 go 7 pm — AthGhaelú le Ciarán Mac Giolla Bhéin, Cultúrlann Uí Chanáin
  • 8 go 11 pm — Oíche Airneáil le Glór na Spéiríní, CLG Naomh Colm, Baile na Scríne
  • 4 go 5.30 pm — Dhá Theanga, Aon Tír Amháin: Filíocht i nGaeilge agus in Albainis Uladh, Halla na Cathrach

Contae an Dúin

  • 7.30 go 9 pm — Oíche Airneáil le CLG Chluain Daimh, Clubtheach CLG Chluain Daimh

Contae Dhún na nGall

  • 7 go 9 pm — Líonra Leitir Ceanainn i láthair: Clíona Ní Ghallachóir, Líonra Leitir Ceanainn
  • 7 go 8.30 pm — Oíche Airneáil le Glór na gCruach, Halla Uí Raghallaigh, Gaelscoil na gCeithre Máistrí
  • 7 go 9 pm — Oíche Amhránaíochta le Clíona Ní Ghallachóir, Oifig Líonra Leitir Ceanainn
  • 7.30 go 10 pm — Oíche Chultúir, Amharclann Ghaoth Dobhair

Contae Fhear Manach

  • 8 pm — Ceol, Amhránaíocht agus Damhsa Traidisiúnta na hÉireann, CCÉ Bhéal Leice, Riverside Bar, an Garastún
  • 4–5.30 pm — Club Óige, Sruth na hÉirne, Teach Fhear Manach
  • 7 pm — Éagsúlacht laistigh de Theaghlach Iontaobhas Fhear Manach Thoir Theas, Halla Máisiún Fhear Manach Thoir Theas, Lios na Scéithe
  • 7 pm — Go Leor Píosaí, Aon Áit Amháin, Ionad Pháirc an Chaisleáin, Lios na Scéithe
  • 8 pm — Cleachtadh Oscailte Albainis Uladh, Halla Cuimhneacháin Brooke, Achadh Lon
  • 7 pm — Seanchaithe: Oíche Scéalaíochta Ceiltí, Evan’s Wood, Clabaigh
  • 7 pm — Ceol, Amhránaíocht agus Damhsa Traidisiúnta, Comhaltas Ros Liath, Ros Liath

Contae na Gaillimhe

  • 5.30 go 6.30 pm — Amhráin Fhiána, an Taibhdhearc
  • 7.30 go 10.30 pm — Ceiliúradh ar Ealaíontóirí Taibhsín, an Taibhdhearc
  • 6.30 pm go meán oíche — Ceiliúradh ar Phádraig Ó Conaire agus Liam Ó Flaithearta: Oíche Chultúir san Áras, Áras na nGael
  • 7 go 9 pm — Ceardlann Ealaíne, Ionad Pobail Bhaile an Doirín
  • 4 go 7 pm — Cultúr Chonamara sa Bhaile agus i gCéin, Ionad Cuimhneacháin na nImirceach
  • 7 go 10 pm — Oíche Chultúir ag Feirm Mad Yolk, Feirm Mad Yolk
  • 6 go 10 pm — Oíche Chultúir Beo, Flirt FM 101.3
  • 8.30 pm go 12.30 am — Conradh Áitritheoirí na Farraige Doimhne agus na dTuathanna, Áras na nGael
  • 7 go 8.30 pm — Dráma Nuascríofa: Misneach na mBanríon, Caisleán Achadh an Iúir
  • 4 go 8 pm — Fáilte chuig an gCeol, Óstán na Ceathrún Rua
  • 4 go 5 pm — Faoi do Lámh é, Óstán Ardilaun
  • 6 go 7 pm — Ceardlann Idirghníomhach Dhátheangach Potaireachta, Leabharlann Bhaile Bán
  • 9 go meán oíche — Snagcheol ar Imeall na hEorpa, The Ol’ 55
  • 6 go 8 pm — Léiriú ar Obair Láimhe Traidisiúnta, Óstán Ardilaun
  • 6 go 10 pm — Le Chéile, Wildlands, Maigh Cuilinn
  • 7 go 9 pm — Lucht an Dreoilín: Dreoilíní Nua-Aimseartha ag Tabhairt ar Ais, The Office Bar, Bóthar na Trá
  • 8 go 9 pm — Ó Bhéal go Béal, Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Shailearna
  • 8 go meán oíche — Oíche Dhrámaíochta in Áras na nGael, Áras na nGael
  • 7 go 9 pm — Seisiún Ceoil le Bríd Nic Conmara agus Cairde Ceoil, Túr Bhaile Uí Laoi
  • 7 go 8.30 pm — Trad ar an gCéibh, Seanchéibh an Spidéil

Contae na hIarmhí

  • 8 go 11 pm — Taispeántas Filíochta, Ceoil agus Damhsa le Gaeltacht Bhaile Átha Luain, The Snug Bar, Baile Átha Luain
  • 7 go 8.30 pm — Seisiún Ceoil le CCÉ Chlann Lir, Séipéal Naomh Micheál

Contae Laoise

  • 6.30 go 9 pm — Fidil Ghorm: Ceol agus Comhrá — CLG Chluain Fhada

Contae Liatroma

  • 6 go 8 pm — Seisiún Ceoil, Amhránaíochta agus Rince, Leabharlann Bhéal an Átha Móir

Contae Loch Garman

  • 7.30 go 9 pm — ’S Í Do Theanga Féin Í!, Halla na bProinsiasach
  • 7 go 9 pm — Club Cultúir Ceol Mo Chroí, Caifé na Leabhar
  • 4 go 7 pm — Maisc Fiadhúlra agus Miotais na hÉireann, Halla Naomh Muire, Fiodh Ard

Contae an Longfoirt

  • 6 go 7 pm — Béaloideas: Iniúchadh ar Bhéaloideas na hÉireann, The Whiskey Bar, Spiral Tree
  • 7 go 10 pm — Ciorcal Comhrá, Ionad Oidhreachta Ardach

Contae Lú

  • 4 go 9 pm — Aontacht Trí Chultúr 2026: Blaiseadh de Chultúr, Ceol agus Muintearas Comhroinnte, Ionad Pobail Muirhevna Mór

Contae Luimnigh

  • 5 go 6 pm — Ceardlann Oghaim, Coláiste Mhuire gan Smál
  • 7 go 9 pm — Oíche Chultúir le Comhluadar Luimnigh, 18 Halla Íde
  • 8 go 9 pm — Raic sa Teach, Gailearaí an Dorais Dheirg
  • 7.30 go 9 pm — Seiteanna sa Chathair: Damhsa Seite Sóisialta le Luimneach Gaelach Fáilteach, Treaty City Brewery

Contae Mhaigh Eo

  • 5 go 7.30 pm — Camchuairt Bhia agus Dí Bhéal an Átha, ag tosú ag The Pizza Pod, Sráid Tone
  • 6 go 7.45 pm — Ceardlann Damhsa ar an Sean-Nós, an Spórtlann
  • 4 go 5 pm — Ceol agus Comhrá, Castle Books
  • 7 go 8.30 pm — Oíche Chultúir le Gaelscoil na gCeithre Maol, Gaelscoil na gCeithre Maol
  • 8 go 10 pm — Tob-Ghaeltacht, The Clock Tavern, Cathair na Mart

Contae na Mí

  • 5 go 9 pm — Oíche Chultúir le CLG Scrín, Ionad Pobail RST, CLG Scrín

Contae Mhuineacháin

  • 7 go 8 pm — Bíonn Siúlach Scéalach, An Nead
  • 8 go 9 pm — Ceardlann Logainmneacha Mhuineacháin, An Nead
  • 7 go 8 pm — Gael-Pop: Aistrigh na hAmhráin Phopcheoil is Fearr Leat go Gaeilge le Hannah Nic Eindrí, Campas Síochána Mhuineacháin

Contae Phort Láirge

  • 6 go 8 pm — Ceasaíneo na Cruthaitheachta, WCQ Place: Mol Pobail agus Cultúrtha

Contae Ros Comáin

  • 7 go 7.45 pm — Caoineadh Airt Uí Laoghaire le Eibhlín Dubh Ní Chonaill, Teach Pháirc Béal na mBuillí
  • 8.30 go 10 pm — Deaglán Ó Finnthigheirn: Ceol agus Filíocht i nGaeilge agus i mBéarla, Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachán

Contae Shligigh

  • 5 go 6 pm — Ceol Beo le Seán-Pól Ó Peatáin, Stáisiún Bus Shligigh

Contae Thiobraid Árann

  • 4 go 9 pm — Turas Trí na hAoiseanna, imeacht agus filleadh ó shráidbhaile Lios Fearnáin
  • 8 go 11 pm — Oíche Chultúir Bhaile Uí Chomáin do Chác, the Thatched Cottage, Baile Uí Chomáin
  • 7.30 go 9 pm — Ceolchoirm na Samhna, Halla Pobail Chill Chaise
  • 5.30 go 9 pm — Oíche Chultúir, Campas Phádraig, Coláiste Mhuire gan Smál

Contae Thír Eoghain

  • 7.30 go 9 pm — Taispeántas faoi Ghaeltacht Thír Eoghain, Croí an Chaisleáin Ghlais

Contae Uíbh Fhailí

  • 7 go 9 pm — Oíche de Thraidisiún na hÉireann, Ionad Pobail Mhuclaí

Tugtar na hamanna seo mar atá siad ar shuíomh Oíche Chultúir. Ba cheart iad a dheimhniú leis na heagraithe.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.