Síneadh ama curtha le hiontrálacha do Chomórtais Taibhealaíon an Oireachtais

Tá síneadh ama fógartha ag Oireachtas na Gaeilge don phobal ar mian leo cur isteach ar Chomórtais Taibhealaíon an Oireachtais 2026.

Is é Dé Céadaoin, 23 Meán Fómhair an spriocdháta nua d’iontrálacha. Beidh 34 comórtas ar siúl i mbliana, idir 13 chomórtas do dhaoine óga agus 21 chomórtas do dhaoine fásta.

I measc na gcomórtas don aos óg beidh damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós, aithriseoireacht, scéalaíocht, agallamh beirte, lúibíní, fidil, feadóg stáin, ceol beirte, cóir scoile agus rapcheol.

Beidh réimse fairsing comórtas ar fáil do dhaoine fásta freisin, ina measc fidil, ceol beirte, damhsa ar an sean-nós, scéalaíocht, sceitse, lúibíní agus amhránaíocht thraidisiúnta. Beidh na mórchomórtais Sean-Nós na mBan, Sean-Nós na bhFear agus Corn Uí Riada ar an gclár chomh maith.

Tá na hullmhúcháin d’Oireachtas na Samhna faoi lán seoil. Beidh an fhéile ar siúl i gCill Airne, Contae Chiarraí, ón 28 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain.

Is féidir an clár a fheiceáil agus iontráil ar líne ag https://onas.antoireachtas.ie/comortas. Tá foirmeacha crua ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig eolas@antoireachtas.ie nó glaoch ar 091 572 545.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.