Oifigigh nua ceaptha chun clubanna óige Gaeilge a bhunú

Tá beirt oifigeach nua ceaptha ag Ógras chun tacú le bunú clubanna óige trí Ghaeilge i gConnachta, i dTuaisceart Laighean, ar an gCabhán agus i Muineachán.

Tá Pádraig Ó Baoill fostaithe mar Oifigeach Forbartha nua i gCúige Chonnacht, agus tá Liam Ó hEidhin ceaptha mar Chomhordaitheoir Tionscadal i dTuaisceart Laighean agus sa dá chontae teorann. Beidh siad ag obair le pobail áitiúla, ag earcú ceannairí óige agus ag cabhrú le clubanna nua a bhunú.

Tá na poist maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Óige tríd an gCiste Gníomhachtaithe d’Oibrithe Deonacha.

Tugann clubanna Ógras deis do dhaoine óga teacht le chéile go rialta, scileanna nua a fhorbairt agus páirt a ghlacadh in imeachtaí sóisialta trí mheán na Gaeilge. Tá sé mar aidhm acu atmaisféar dearfach a chothú ina n-úsáidtear an Ghaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide lasmuigh den seomra ranga.

Tá Óg-Ógras dírithe ar pháistí idir ocht agus 12 bhliain d’aois, agus tá Ógras dírithe ar dhéagóirí idir 13 agus 18 mbliana d’aois. Reáchtáiltear na clubanna go seachtainiúil, chomh maith le turais agus imeachtaí eile.

Is féidir le Ógras oiliúint agus comhairle a chur ar fáil do cheannairí agus do phobail maidir le himeachtaí, maoiniú agus árachas.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Pádraig ag padraigrua@ogras.ie nó 087 4659123, agus le Liam ag liam@ogras.ie nó 087 4689657.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.