
Insealbhíodh Helen Ní Shé, iarchraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, i Halla Laochra Raidió IMRO an tseachtain seo mar aitheantas ar an méid suntasach atá déanta aici ar son na craoltóireachta Gaeilge.
Is mar láithreoir ar An Saol Ó Dheas is fearr atá aithne ar Ní Shé, a áirítear i measc shárchraoltóirí agus agallóirí na tíre.
Ag labhairt di le Nuacht TG4 faoin aitheantas, dúirt sí gur mhór aici an gradam a fháil tar éis a gairmré fada sa chraoltóireacht.
“Tá sé go hálainn an gradam a fháil tar éis na mblianta i mbun oibre i Raidió na Gaeltachta. Táim ag smaoineamh ar Emma Mhic Mhathúna, Danny Mac an tSíthigh agus Páidí Ó Sé inniu; na daoine seo go léir a sheas linn, a sheas leis an nGaeilge, a sheas le Raidió na Gaeltachta, agus a thug misneach domsa mar chraoltóir,” a dúirt sí.
Thosaigh Ní Shé, arbh as Cathair Scoilbín i bParóiste na Cille di, ag obair i seomra nuachta Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall in 1986. Chaith sí tréimhsí ina léiritheoir ar An Saol Ó Dheas sular ghlac sí ról an láithreora in 2007, i ndiaidh di filleadh ó Nua-Eabhrac.
Chaith sí 17 mbliana ag cur an chláir irise ó Chúige Mumhan i láthair agus bhain sí cáil amach mar agallóir tuisceanach géarchúiseach. Moladh go háirithe an t-agallamh corraitheach a rinne sí in 2018 le Emma Mhic Mhathúna, a bhí thíos le conspóid CervicalCheck.
Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta, gur éirigh léi dlúthcheangal a chothú lena cuid éisteoirí.
“Éisteann sí le daoine, tugann sí deis dóibh a scéal a insint, agus déanann sí sin ar bhealach an-daonna ar fad. Mar gheall air sin, thug sí idir óg agus aosta léi mar éisteoirí.”
Bhuaigh Ní Shé gradam Chraoltóir na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais in 2014 agus 2018, chomh maith le Gradam Craoltóir Solabhartha na Bliana in 2020.