Gwynfor Evans, fathach náisiúnach na Breataine Bige, 1912-2005

Beidh mórshiúl neamhspleáchais ag YesCymru in Aberystwyth sa Bhreatain Bheag ag deireadh na míosa, an 26 Meán Fómhair. Tá borradh faoi náisiúnaigh na tíre ó bhuaigh Plaid Cymru toghchán stairiúil don Senedd thiar i mí na Bealtaine. 

Is cinnte go bhfuil tionchar ag polaitíocht na Ríochta Aontaithe trí chéile ar theacht chun cinn na náisiúnach sa tír. Le siléigeacht agus meath Pháirtí an Lucht Oibre a chuir chun cinn clár nualiobrálach ar feadh na mblianta fágadh rogha lom don tír: páirtí forásach mar Plaid Cymru nó páirtí antoisceach frith-Bhreathnach cosúil le hAthchóiriú. Is é an rogha seo a thug cúrsaí go cnámh na huillinne agus a thug an bua do Plaid Cymru sa deireadh. Fúthusan a bheidh sé anois beart a dhéanamh de réir briathair agus leas an ghnáthdhuine sa tír a chosaint.

Ach níorbh é teacht in inmhe Farage amháin ba chúis le borradh Plaid Cymru. Ar feadh breis agus leathchéad bliain tá obair mhall ar bun ag an bpáirtí dul chun cinn a dhéanamh i measc an phobail. Rugadh duine de chinn feadhna Plaid Cymru, Gwynfor Evans, an tráth seo bliana, ar an 1 Meán Fómhair 1912. 

Bhí Evans, Plaid Cymru agus gluaiseacht neamhspleáchas na Breataine Bige fite fuaite san fhichiú haois. Bhuaigh Evans fothoghchán tar éis bhás duine de na daoine ba thábhachtaí sa tréimhse sin, Megan Lloyd-George, iníon leis an iar-phríomhaire Liobrálach David Lloyd George.

Deir an gníomhaire agus amhránaí mór le rá Dafydd Iwan faoi Evans, “gan Gwynfor Evans i gceannas ar Plaid Cymru seans nach mhairfeadh an páirtí chun na buanna toghchánaíochta a baineadh amach ar ball a bhaint. Bhí tionchar nach beag ar chúrsaí níos leithne ná polaitíocht pháirtí.”

Le linn an fheachtais olltoghchánaíochta in 1979 gheall Margaret Thatcher i bhforógra na dTóraithe go mbunóidís bealach teilifíse Breathnach. Laistigh de bhliain, bhí an gealltanas caite ar leataobh ag na Coimeádaithe. Ní raibh Evans sásta scaoileadh leo agus ligean dóibh dul siar ar an ngealltanas agus chuaigh sé ar stailc ocrais chun brú a chur ar an rialtas.

Dar ndóigh bhí cáil amach ar Thatcher as bheith stuacach. Bhraith daoine nach ngéillfeadh sí d’éileamh Evans go gcoinneofaí an gealltanas. Léiríonn comhaid ó chruinnithe rialtais an ama go raibh buairt uirthi “dá ngeallfaimis ar an gceist seo, an dtabharfadh daoine eile dúshlán dúinn chomh maith? Nach mbeimis ag tabhairt ugach do náisiúnachas na Breataine Bige?”

Ach ghéill an rialtas sa deireadh. D’fhógair an Rúnaí Baile Willie Whitelaw go mbunófaí S4C, agus seoladh an bealach teilifíse ar deireadh in 1982.

Bhí idé-eolaíocht láidir idir-Cheilteach ag Evans chomh maith agus bhí sé ina bhall den Chonradh Ceilteach ar feadh na mblianta. Feictear an friotal seo a leanas uaidh á roinnt ar na meáin shóisialta go mion minic:

“Is éard is brí go polaitiúil leis an mBriotanachas ná Sasanachas a chlúdaíonn na hAlbanaigh, na Breatnaigh agus na hÉireannaigh i gcultúr na Sasanach”.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.