Cluiche eachtraíochta Gaeilge chun an teanga a shábháil

Tá cluiche ríomhaireachta lán-Ghaeilge, An Ghaeltacht Dheireanach, á fhorbairt d’fhoghlaimeoirí teanga agus do pháistí. Is é Ryan Carlin, forbróir bogearraí as Doire atá ag cur faoi i mBéal Feirste, a chruthaigh an tionscadal.

​Sa chluiche níl ach ceantar Gaeltachta amháin fágtha in Éirinn agus tá na “Béarla-Saurs”, créatúir atá frith-Ghaelach, ag iarraidh an teanga a mhúchadh go hiomlán. Glacann an t-imreoir páirt mar dhá charachtar: Rua Óg, Gaeilgeoir óg, agus Páidí, sean-Ghaeilgeoir atá ina chrogall mór. Caithfidh an bheirt taisteal ar fud na hÉireann chun an teanga a thabhairt slán.

​Dúirt Carlin le An Páipéar gur tháinig an smaoineamh chuige nuair a d’fhill sé ar ranganna Gaeilge i mBéal Feirste deich mbliana ó shin. Chonaic sé go raibh an teanga le cloisteáil i leabhair, ar an raidió, i scannáin agus sa cheol rap, ach go raibh ganntanas mór cluichí ríomhaireachta do pháistí ann. Theastaigh uaidh rud éigin eile seachas aip foghlama ar nós Duolingo nó Séideán Sí a chruthú, cluiche spraíúil le scéal mór nach bhfuil blas na scoile air.

​Tá spreagadh breise aige anois agus páistí óga aige féin atá ag cabhrú leis ar an tionscadal. “Ní leor liom go mbeadh Gaeilge acu; tá mé ag iarraidh go mbeadh grá acu don teanga fosta,” a dúirt sé.

​Beidh an cluiche ar fáil ar Steam ar dtús, ach tá Carlin ag obair freisin ar leaganacha don Apple App Store agus Google Play mar gheall ar an éileamh ó thuismitheoirí agus ó mhúinteoirí. Cé go bhfuil an tionscadal fós á fhorbairt ina chuid ama shaoir agus gan dáta béite fógartha fós, tá súil aige go spreagfaidh an leagan deiridh grá na nglún óg don Ghaeilge sa saol mór.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.