
Tá traidisiúin an tórraimh ar na deasghnátha báis is sine atá againn. Luaitear den chéad uair iad sa dán cogaidh le Hóiméarm An Íliad. In Éirinn, creidtear gur meascán de phágántacht agus den Chríostaíocht a bhí sna traidisiúin tórraimh go dtí an naoú haois déag.
Le déanaí agus mé ar cuairt ar fheirm an teaghlaigh, tháinig ábhar na sean-deasghnátha báis chun cinn tar éis do mo dheartháir, Breandán, píopaí cré briste a aimsiú i seanseid. Ní raibh móran eolais againn faoina n-úsáid. Mar a dhéanaimid go léir sa lá atá inniu ann, rinne mé cuardach ar Google. Fuair mé amach go bhfuil músaem píopaí cré i gCnoc an Chrochaire i gContae Ros Comáin.
Shocraigh mé tiomáint ann. Ba thuras fiúntach é mar d’fhoghlaim mé faoi dheasghnátha adhlactha ár sinsear. Bhí úineir an mhúsaeim, Ethel, an-chabhrach agus í ag míniú gach rud dom. Thug sí leiriú freisin ar an gcaoi a ndéantaí píopaí cré. Bhí sé an-choitianta cláirseacha, seamróga, nó manaí ar nós ‘Home Rule for Ireland’ a bheith orthu, ag leiriú phaisean polaitiúil na haimsire.
Ag na torraimh thraidisiúnta in Éirinn ba mhír ríthabhachtach iad píopaí cré bána ar a dtugtaí ‘dúidíní’ nó píopaí ‘trócaire air’. Píopa cré le gas gearr a bhí sa dúidín. Bhí sé gearr agus ar fáil go saor. Bhaineadh na gnáthdhaoine úsáid as na rudaí seo gach lá agus is minic a d’úsáid scéalaithe traidisiúnta iad. I bpictiúr dar teideal In Memory le Jack B. Yeats (1871 – 1957), ealaíontóir clúiteach Éireannach, taispeántar fear féasógach i dteach tábhairne ag caitheamh píopa cré agus é ag comhrá le leathbhádóir óil.
Díríonn searmanas na bpíopaí cré aird ar an úsáid stairiúil a bhaintí astu mar rudaí leochaileacha comhchoiteanna i dtórraimh in Éirinn le linn an ochtú agus an naoú haois déag. Ag na tórraimh seo d’fhaigheadh na caointeoirí tráidirí de phíopaí lán de thobac. Sula gcaitheadh siad an píopa thumadh siad an gas i bhfuisce nó i bpórtar chun an chré a shéalú agus an blas a fheabhsú. Chaitheadh na caointeoirí iad le linn na faire i rith na hoíche chun ómós a thabhairt don mharbhán. Léirigh an gníomh seo go raibh anam an mharbháin á scaoileadh saor chun na bhflaitheas.
Mheastaí gur drochbhéas é diúltú do phíopa. Nuair a ghlacfadh caointeoir leis an bpíopa déarfadh sé de ghnáth, ‘ar dheis Dé go raibh a anam’ nó ‘trócaire air’. Mar gheall ar chaitheamh leanúnach tobac i rith na hoíche bheadh ceo tiubh deataigh sa teach. Chreid daoine gur choinnigh an toit seo deamhain agus taibhsí ar shiúl ó anam an mhairbh.
Chomh luath agus a gheobhadh duine bás chuirfí stop le gach obair thalamhaíochta tharraingeodh aird na gcomharsan ón mbrón. Nífeadh mná ón bpobal an corpán agus ghléasfadh siad é i léine bhán. Ní bheadh cead ag baill den teaghlach an obair seo a dhéanamh. Stopfaí na cloig sa teach ag uair an bháis. Leagfaí an corp ar an mbord nó ar leaba sa chistin. Lasfaí coinnle bána timpeall air. Chlúdófaí gach scáthán sa teach le héadach bán ionas nach ngabhfaí anam an mhairbh istigh iontu, nó ionas nach bhfeicfeadh aon duine eile bás ansin. Uaireanta, leagtaí pláta beag salainn ar ucht no ar bholg an chorpáin. Chreid daoine gur chabhraigh sé seo chun an corp a chaomhnú agus chun an t-olc a ruaigeadh.
San am atá thart bhí eagla ar dhaoine go gcuirfí duine i dtalamh agus támhnéal orthu, gan iad a bheith marbh i ndairíre. Chruinníodh na comharsana ar fad le chéile chun an oíche a chaitheamh ag faire ar an gcorp ionas nach mbeadh sé leis féin sa dorchadas. Choimeádadh siad súil ghéar ar an gcorp ar feadh dhá nó trí oíche lena dheimhniú nach raibh aon chomhartha beatha ann. Chreid daoine go raibh na daoine maithe, na sióga, ag iarraidh corp an mhairbh a ghoid chun taise a fhágail ina áit. Dháiltí tobac, píopaí cré, fuisce agus snaois chun daoine a choimeád ina ndúiseacht agus chun guí ar son an mhairbh.
Tháinig deireadh tobann leis na deasghnátha seo agus athrú mór ar thraidisiúin na faire thart ar aimsir an Ghorta Mhóir (1845-1852). Ní hiad na dlíthe a d’athraigh an cultúr, ach an anachain. An galar agus an t-athrú sóisialta a scrios struchtúr an phobail in Éirinn. Nuair a bhíonn na mílte ag fáil bháis gach seachtain ní féidir faire dhá oíche a eagrú do gach duine. Bhí an pobal rólag agus róshuaite chun na cruinnithe seo a reáchtáil. Ní raibh airgead ag teaghlaigh fiú ar son bia, mar sin ni raibh siad abálta na rudaí a cheannach. Ba mhinic a d’adhlactaí daoine in olluaigheanna gan cónra, nó i gcónra a raibh comhla ina bhun.
Ba é Cnoc an Chrochaire i gContae Ros Comáin an áit is mó a dtáirgtí píopaí cré in Éirinn. Sholáthair an sráidbhaile seo na milliúin píopaí go dtí gur dódh an baile in 1921 le linn Chogadh na Saoirse.
Inniu coimeádtar an oidhreacht seo san ionad do chuairteoirí i gCnoc an Chrochaire.
Is múinteoir meánscoile, scríbhneoir, ealaíontóir agus staraí í Nuala Holloway a bhfuil BA, HDipEd agus MA aici.