
Tá an scannán Gaeilge Aontas roghnaithe ag Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann (IFTA) mar iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr.
Is é seo an cúigiú scannán de chuid TG4 a roghnaigh IFTA mar iontráil na hÉireann sa chatagóir le blianta beaga anuas, i ndiaidh Arracht, Foscadh, An Cailín Ciúin agus Kneecap. Bhain An Cailín Ciúin éacht stairiúil amach in 2023 nuair a ainmníodh é don Oscar sa chatagóir chéanna.
Scéinséir coireachta é Aontas ina bhféachann triúr gadaithe neamhghnácha le comhar creidmheasa a robáil. Téann an robáil ó smacht, áfach, agus insítear an scéal droim ar ais, caibidil ar chaibidil, chun na heachtraí a tharla roimpi a nochtadh. Scrúdaíonn an scannán an tionchar a bhíonn ag roghanna agus ag cuimhní ar dhaoine nach bhfuil in ann déileáil leis an am atá caite.
Ba é Damian McCann, a rinne Doineann roimhe seo, a stiúir an scannán. Tá Carrie Crowley, Bríd Brennan agus Eva-Jane Gaffney sna príomhróil. Scríobh Sarah Gordon agus McCann an script, agus ba iad Órfhlaith Ní Chearnaigh agus Christopher Myers na léiritheoirí. Is é Aontas an chéad fhadscannán ón gcomhlacht nua dátheangach Púca Pictures.
Léiríodh é do TG4, BBC Gaeilge agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, le tacaíocht ó Yellowmoon.
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, gur “ugach cumhachtach don chruthaitheacht agus do scéalta nua Gaeilge” a bhí sa roghnú. Dúirt sí gur léiriú eile é an scannán ar an tallann chruthaitheach den scoth atá ag obair san earnáil léiriúcháin neamhspleách.
Dúirt Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Máire Ní Chonláin, go raibh an scannán fréamhaithe i dTuaisceart Éireann ach go raibh sé tar éis dul i bhfeidhm ar lucht féachana ar fud an domhain.
Dar le Damian McCann, d’eascair bunsmaoineamh an scannáin as comhrá lena mháthair inar mhínigh sí go mion conas a dhéanfadh sí féin banc a robáil.
Rinneadh an scannánú i nGleann Arma, Contae Aontroma, i mí an Mhárta 2024. Bhí an chéad taispeántas idirnáisiúnta den scannán ar siúl in Santa Barbara i mí Feabhra 2025. Taispeánadh ag breis agus 40 féile é ó shin agus tá níos mó ná 13 duais buaite aige, ina measc duaiseanna don Scannán, don Stiúrthóir agus don Script is Fearr. Fuair sé sé ainmniúchán IFTA freisin.