Maitiú Ó Casaide ceaptha ina stiúrthóir ar Cheathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath

Tá an ceoltóir agus gníomhaí Gaeilge Maitiú Ó Casaide ceaptha ina stiúrthóir ar Cheathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath.

Chuir Ó Casaide, atá ina bhall den bhanna ceoil The Bonny Men, tús lena chuid oibre sa ról Dé Luain. Beidh sé ag obair le pobail, gnólachtaí, scoileanna, eagraíochtaí cultúrtha agus institiúidí chun an tionscadal a thabhairt ar aghaidh.

Tá an Cheathrú Ghaeilge beartaithe don cheantar thart ar Shráid Fhearchair, Sráid Camden agus Sráid Synge, áit a bhfuil pobal Gaeilge agus roinnt áiseanna Gaeilge lonnaithe cheana féin.

Is í an fhís atá ag Conradh na Gaeilge ná ceantar ina mbeidh an teanga le feiceáil, le cloisteáil agus á húsáid go nádúrtha gach lá. Táthar ag súil go mbeidh daoine in ann gnó a dhéanamh, freastal ar imeachtaí, seirbhísí a fháil, dul ar scoil agus obair trí Ghaeilge sa cheantar.

Dúirt Ó Casaide gur “deis stairiúil” atá sa tionscadal comharsanacht bheo Ghaeilge a chruthú i gcroílár na príomhchathrach.

Tá nasc pearsanta aige leis an gceantar mar bhog a mhuintir ó Ghaoth Dobhair go Raghnallach sna 1960í. D’fhreastail sé ar Choláiste Eoin agus rinne sé staidéar ar an stair agus ar an nGaeilge i gColáiste na Tríonóide.

Beidh sé ag obair go dlúth le BÁC le Gaeilge, Bunscoil agus Gaelcholáiste Synge, grúpaí pobail agus comhlachtaí poiblí. Tá Ceathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste á húsáid mar eiseamláir don tionscadal.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.