Tá Páras na Fraince, agus go deimhin bailte agus cathracha ar fud na tíre, i mbun agóide le roinnt seachtainí anuas. Tá slad á dhéanamh ag stát nualiobrálach na Fraince ar an gcóras oideachais le blianta fada, rud a spreag na scoláirí agus mic léinn le dul i mbun agóide. Dé Sathairn an 17 Deireadh Fómhair, ghlac oibrithe, ceardchummanaigh, seandaoine, daoine dífhostaithe, grúpaí ar nós na veistí buí agus raon leathan de chosmhuintir na tíre páirt sna hagóidí. Leathnaíodh gearáin na n-agóidithe chun an costas maireachtála, an bhochtaineacht agus cúiseanna eile a chuimsiú. 

Tá réimeas Macron croite ag na hagóidí, ach cén tionchar a bheas acu ar chúrsaí cumhachta? An mbeidh teacht i dtír ann do pháirtí den eite chlé Jean-Luc Mélenchon, La France Insoumise (an Fhrainc dhochloíte) amach anseo? 

Tá stair fhada ag muintir na Fraince ag éirí amach i gcoinne uasaicme na tíre, lena n-áirítear 1789, 1848 agus 1968 chomh maith. In 1871 a bunaíodh Común Pháras, a bhí ar cheann de na samplaí ba thábhachtaí den fhéineagrúchán i measc an lucht oibre i stair ghluaiseacht idirnáisiúnta an lucht oibre.

Ar feadh dhá lá is seachtó, idir an 18 Márta agus an 28 Bealtaine, bhí ardchathair na Fraince faoi smacht údaráis réabhlóidigh. Is iarracht a bhí sa Chomún rialtas a bhunú don chosmhuintir agus tá tionchar ag an iarracht go fóill do shóisialaigh sa lá atá inniu ann.

Tháinig an Común chun cinn i gcomhthéacs chliseadh na Fraince sa Chogadh Franc-Phrúiseach. Bhí Páras faoi léigir ag fórsaí na Prúise fad is a bhí an tír ina cíor thuathail go polaitiúil. Bhraith go leor de mhuintir Pháras, go háirithe na hoibrithe agus baill den Gharda Náisiúnta, gur loic rialtas coimeádach Adolphe Thiers, orthu nuair a tarraingíodh fórsaí na Fraince go Versailles agus rinneadh iarracht airm a bhaint ó mhuintir na cathrach.

Ar an 18 Márta 1871 rinne trúpaí rialtais iarracht gunnaí móra, a mhaoinigh muintir Pháras, agus a bhí lonnaithe i gceantair lucht oibre, a bhreith leo. Ba é sin an splanc a spreag an t-éirí amach. Thit fórsaí an rialtais siar go Versailles agus fágadh cumhacht sa chathair i lámha na réabhlóidithe. Ba ghearr gur réachtáladh toghcháin agus fógraíodh an Común go hoifigiúil ar an 28 Márta.

Oibrithe, ceardaithe, iriseoirí agus gníomhaithe polaitiúla ba mhó a bhí chun cinn i measc an lucht riaracháin nua. Dhiúltaigh an Común do struchtúir thraidisiúnta an rialtais agus tógadh isteach roinnt leasuithe daonlathacha. Ceann de na leasuithe ba thábhachtaí ná go bhféadfaí oifigigh a thoghadh agus a aistarraingt ag am ar bith. Rinneadh iarracht, chomh maith, teacht i gcabhair ar na hoibrithe agus tionóntaí a bhí tar éis fulaingt de bharr an léigir. Tosaíodh, sa mhullach air an méid sin, ar chomhráite faoi athruithe níos leithne eacnamaíocha agus sóisialta.

Bhí meascán mearaí d’idé-eolaíochtaí polaitiúla sa Chomún, lena n-áirítear sóisialaithe, poblachtánaigh, Seaicibínigh, agus baill de Chumann Idirináisiúnta an Lucht Oibre. Ainneoin an mhéid sin, aontaíodh gur chóir sochaí níos daonlathaí agus níos féaráilte go sóisialta a chruthú.

Níor mhair an tionscadal i bhfad. D’atheagraigh an rialtas a bhfórsaí in Versailles agus beartaíodh go ngabhfaí an ardchathair arís. I mí na Bealtaine chuaigh na hairm a bhí dílis do Thiers isteach sa chathair. Glaodh “Seachtain na Fola” ar an tseachtain de throid fhíochmhar sna sráideanna a tharla. Faoin 28 Bealtaine bhí an Común cloíte agus na mílte de bhaill an Chomúin marbh, sa phríosún nó ar deoraíocht. 

Ainneoin gur cuireadh faoi chois é, d’fhág Común Phárás oidhreacht shaibhir. Chreid Marx gurbh é an chéad sampla de chumhacht pholaitiúil an lucht oibre é. Mhaígh sé “go ndéanfar ceiliúradh go deo ar Phárás an Lucht Oibre agus a Chomún mar thuar glórmhar de shochaí nua”. Ghlac na glúnta de shóisialaigh, ceardchummanaigh agus réabhlóidithe inspioráid ó éachtaí agus íobairtí an Chomúin.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.