
Maidin bhreá álainn ar an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair 1918 a bhí ann, nuair a bhog an RMS Leinster go réidh ón gcé i gcalafort Kingstown, Dún Laoghaire mar atá anois. Bhí sí ar a bealach go Caergybi leis an bpost. Bhí 77 ball foirne chomh maith le hidir 694 go 730 paisinéir ar bord. Is cinnte gur chreid go leor de na paisinéirí go raibh an chuid ba mheasa den chogadh thart. Saighdiúirí airm ó Éirinn, an Bhreatain, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil agus an Nua-Shéalainn a bhí ag filleadh ó dhualgas ba iad an chuid is mó a bhí ar bord. Bhí an RMS Leinster ina long paisinéirí ghaile Éireannach a bhí ag obair mar phríomh-árthach an phoist ríoga idir Baile na Manach agus Caergybi sa Bhreatain Bheag. Nuair a d’fhág an long foscadh Chuan Bhaile Átha Cliath thosaigh an aimsir ag athrú. Bhí Muir Éireann an-gharbh agus corraithe. Ach bhí na coinníollacha faoi uisce fabhrach d’fhomhuireáin na Gearmáine. Bhí an tU-Bhád Gearmánach UB123 ag feitheamh ceithre mhíle soir ó theach solais Bhanc na Cise i gCuan Bhaile Átha Cliath.
Thart ar 16 mhíle isteach sa turas scaoil an fomhuireán Gearmánach UB-123 trí thoirpéad. Chaill an chéad toirpéad an long go hiomlán. Bhuail an dara toirpéad an clébhord go díreach san áit a raibh an oifig phoist shoghluaiste suite, agus maraíodh beagnach na sórtálaithe poist go léir láithreach. Bhuail an tríú toirpéad an clébhord, agus bhris an long as a chéile. Chuaigh an RMS Leinster go tóin poill laistigh de dhá nóiméad déag. Bhí tarrtháil deacair mar gheall ar orduithe seasta aimsir cogaidh. Chun cosc a chur ar U-Bháid luíochán a dhéanamh ar long eile, cuireadh cosc ar longa cabhlaigh a bhí in aice láimhe cabhair a thabhairt go tapa do longa a bhí ag dul faoi. Sa deireadh tháinig long Briotanach chun daoine a tháinig slán a tharraingt amach as an muir gharbh. Tógadh 200 otharcharr daoine go hospidéal Naomh Micheál i nDún Laoghaire agus go hionaid áitiúla i mBaile Átha Cliath. In ainneoin na n-iarrachtaí tarrthála, básaíodh níos mó ná 570 duine sa tubaiste. Tá thart ar 150 de na híospartaigh curtha i Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormain i mBaile Átha Cliath.
Chothaigh an tubaiste fearg idirnáisiúnta go forleathan agus bhí tionchar díreach ar shos cogaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Ní raibh sé ach ceithre lá ina dhiaidh sin nuair a chuaigh an Ghearmáin i dteagmháil le hUachtarán Mheiriceá Woodrow Wilson maidir le sos cogaidh. Cháin an tUachtarán Wilson an t-ionsaí go láidir, ag rá nach nglacfadh SAM páirt I gcaibidlíocht síochana chomh fada is a leanfadh an Ghearmáin ag díriú ar árthaí paisinéirí. D’athraigh an seasamh polaitiúil seo coinníollacha na gcomhghuaillithe maidir le sos cogaidh.
D’fhág briseadh an RMS Leinster brón uafásach ar na céadta teaghlach ar fud na hÉireann, na Breataine agus thíortha na Comhghuaillíochta. Bhí an Captaen William Birch, 61 bliain d’aois, as Baile Átha Cliath agus a bhí ina chónaí in Caergybi, i gceannas ar an soitheach, agus chuaigh sé síos leis an long. Cailleadh an tríú stíobhard, William Warren, sa tubaiste, ag fágáil a bhaintrí agus a bheirt leanaí óga ina dhiaidh. Tá a ainm greanta ar leac uaighe an teaghlaigh i Reilig Ghráinseach an Déin, Baile Átha Cliath.
D’fhulaing an teanór cáiliuil Éireannach, an Cunta John McCormack, as Baile Átha Luain, Contae na hIarmhí, mórthubaiste phearsanta nuair a cuireadh an RMS Leinster go tóin poill. Maraíodh a dheartháir céile, Thomas Foley, agus a bhean, Charlotte Foley, sa tubaiste. Bhí Thomas ina oifigeach áitiúil clúiteach a d’fhreastail mar chléireach. Bhí siad ina gcónaí i Ráth Maonais, Baile Átha Cliath. Bhí siad ag taisteal go Sasana an mhaidin chinniúnach sin chun cuairt a thabhairt ar dheartháir Charlotte, Christopher Barrett, saighdiúr Éireannach a gortaíodh go dona sa Fhrainc. Faoi dheireadh an lae bádh Thomas agus Charlotte araon nuair a chuaigh an long síos. Fuarthas corp Charlotte níos déanaí agus tá sí curtha i Reilig Ghlas Naíon. D’fhág bás Thoms agus Charlotte deichniúr páistí ina ndilleachtaí.
Nuair a chuala John McCormack agus a bhean chéile, Lily, an scéal ina mbaile i Stáit Aontaithe Mheiriceá ghníomhaigh siad láithreach chun aire a thabhairt do na páistí. D’uchtaigh siad go dlíthúil an leanbh ab óige, naíonán 15 mhí d’aois. Ghlac siad freagracht airgeadais orthu féin as tógáil, tithíocht, agus oideachas an naonúir páistí eile. Tar éis an uafáis, d’úsáid John McCormack a chlú domhanda chun labhairt amach, ag cáineadh an ionsaithe fomhuireáin go poiblí i Stáit Aontaithe Mheiriceá. D’eagraigh sé sraith ceolchoirmeacha carthanachta chomh maith, lena n-áiritear taispeántais ollmhóra i Nua-Eabhrac, chun cistí fóirithinte a bhailiú do theaghlaigh na n-íospartach go léir a bhí ar an RMS Leinster.
Inniu tá raic an RMS Leinster suite 5 mhíle soir ó theach solais Bhanc na Cise idir 28 agus 32 méadar faoin bhfarraige. D’aisghabh tumadóirí ancaire na loinge in 1991 agus tá sé anois mar chuimhneachán poiblí ar Bhóthar na Banríona i nDún Laoghaire, áit a mbíonn searmanais chuimhneacháin oifigiúla ar siúl gach bliain. Dé Sathairn seo caite nochtadh séadchomhartha buan nua in ómós d’íospartaigh an RMS Leinster, 108 bliain go díreach tar éis na tragóide. Tá ainmneacha na ndaoine a bhásaigh sa tubaiste greanta ar an séadchomhartha anois.
Ba é seo an tubaiste ba mhó inar cailleadh daoine i Muir Éireann agus an líon ba mhó ar aon árthach de chuid gnólacht Éireannach.
Is múinteoir meánscoile, scríbhneoir, ealaíontóir agus staraí í Nuala Holloway a bhfuil BA, HDipEd agus MA aici.