Buachaillí Bána Oirdheisceart Thiobraid Árann, 1802 go 1805

Tháinig na Buachaillí Bána chun cinn in Éirinn sna 1760í i dtús báire. Bhí sé de nós acu léinte nó blúsanna pleátáilte bána a chaitheamh chun iad féin a cheilt, agus is uaidh sin a tháinig a n-ainm. Bhídís láidir i ndeisceart na tíre, i gCúige Mumhan go háirithe, áit a raibh an talamh go maith.

Ba fhreasúra iad don chóras talmhaíochta caipitleach a bhí ag brú ar fud na tíre an t-am sin. Bhí próiseas an imfhálaithe ar bun sa Bhreatain an tráth céanna. Bhí tailte a bhí comhroinnte idir an pobal agus traidisiúin úinéireachta fadbhunaithe á scrios agus úinéir amháin, tiarnaí nó feirmeoirí móra de ghnáth, ag scríobh léasanna agus ag glacadh seilbh ar an talamh. I Sasana bhí círéibeacha éagsúla i gcoinne an phróisis seo ón séú haois déag ar aghaidh. 

Ach in Éirinn d’éirigh na Buachaillí Bána amach ina choinne. Throid siad i gcoinne an imfhálaithe a bhí ar bun chun go gcuirfí beithígh ar an talamh, seachas barraí a fhás. Thug siad dúshlán do chíosanna arda agus díbirtí chomh maith. Bhí gné fhrith-choilíneach i gceist in Éirinn chomh maith, mar go raibh an náisiúnachas le brath sna litreacha agus fógraí bagracha a sheolfaidís agus a gcrochaidís in airde, faoi seach. Sa mhullach air sin, throid siad i gcoinne na nDeachúna, an táille deich faoin gcéad a gearradh Eaglais na hÉireann ar Chaitlicigh. Agus in amanna chuir siad i gcoinne táillí sagairt Chaitliceacha áitiúla chomh maith.

Idir 1802 agus 1805 tháinig na Buachaillí Bána chun cinn go mór arís in Oirdheisceart Thiobraid Árann. Ba nós leo ruathar a dhéanamh istoíche orthu siúd a tháinig salach ar an nósmhaireacht fadbhunaithe i leith na talún. Thuairisc na húdaráis choilíneach gur minic go raibh thart ar dhosaen Buachaill Bána bainteach leis na ruathair úd. Thuairisc giúistísí áitiúla gur mharaigh siad dhá dhuine dhéag sa tréimhse seo agus go ndearna siad iarracht seisear nó seachtar eile a mharú. 

Ach níor tiarnaí talún móra, Protastúnaigh nó saighdiúirí Briotanacha príomhsprioc na mBuachaillí Bána, ach feirmeoirí Caitliceacha a raibh rachmas áirithe acu. Graibeirí talún den chuid is mó a d’ionsaigh na Buachaillí Bána; sé sin duine a ghlac seilbh ar thalamh nuair a bhí léas tionónta imithe in éag nó nuair a dhíbrítí iad. 

Ach níor gníomhartha aonaracha amháin i gcoinne iad siúd a tháinig salach ar an gcód talún a bhí ar bun ag na Buachaillí Bána. B’eagraíocht réabhlóideach iad ar bhealaí go leor. Ghlacfaidís seilbh ar airm agus ar chapaill, dhéanfaidís gadaíocht ar thithe, agus d’éalaigh siad cúiteamh ón bpobal chun tacú lena bhfeachtais.

B’fheirmeoirí beaga agus oibrithe talmhaíochta iad formhór na mBuachaillí Bána sa cheantar seo idir 1802-1805. Ón seacht nduine dhéag a bhfuil a stádas ar eolas againn, b’oibrithe talmhaíochta den lucht oibre gach aon cheann seachas duine amháin, Thomas Mandeville. Ba de shliocht clann uaisleachta áitiúil é Mandeville. Ba ropaire, nó gadaí bóthair, é chomh maith roimhe sin, agus is cosúil gur ceapadh é ina chaptaen ar na Buachaillí Bána le linn na mblianta seo.

I rith na tréimhse seo d’fhorbair na Buachaillí Bána sa cheantar ó ghrúpaí a bhí scoite amach agus neamhspleách isteach ina chónaidhm eagraithe ó pharóistí éagsúla. Thosaigh siad ag déanamh comhordú ar a gcuid gníomhartha agus ghlac siad ainm chucu féin, na “Moyle Rangers”. 

Sníonn Abhainn na Maoile tríd an gceantar ina raibh na Buachaillí Bána seo láidir; ceantar atá ó thuaidh de Chluain Mheala agus ó dheas de Chaiseal na Mumhan. De bharr gur glaodh “rangers” ar chuid de na gíománaigh a chuaigh ar thóir na mBuachaillí Bána, ba chineál athghabháil ghreannach a bhí ar bun nuair a bhaist na Buachaillí Bána “rangers” orthu féin chomh maith.

Ba é “Caravat Hanley” ceannaire Rainseirí na Maoile. Is cosúil go raibh dáimh ag na gnáthdhaoine leis. De réir na n-iarsmaí atá fágtha sna foinsí ba chineál de laoch pobail é; gaige stráiciúil a bhí sé de nós aige gabháil thart i rith an lae agus gunna mór (blunderbuss) agus piostail á n-iompar go hoscailte aige.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.