Ag leanúint ar aghaidh leis na déithe Gaelacha dó breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar Bhalor.

Íomhá: Balor le Séamus McArdle

Ainmneacha Bhaloir

Bhí ainmneacha éagsúla ar Bhalor nó Balar: Balor na Súile Nimhe, Balor Béimneach (Balor na mbuillí) agus Balor Balcbhéimneach (Balor na mbuillí troma), Balor Biordheirce (Balor na súile pollta) agus Balor mac Doit mhic Néid. Is cosúil go dtagann a ainm ó Boleros, ‘an té atá lonrach’, dia Ceilteach ar mhór-roinn na hEorpa.

Cén saghas dé a bhí ann?

Baineann formhór na ndéithe Gaelacha le Tuatha Dé Danann, ach ní hamhlaidh do Bhalor, a bhaineann leis na Fomhóraigh. Cuirtear síos air mar thíoránach. Tá teoiric ag scoláirí an léinn Cheiltigh gur dia fómhair é Balor, ach gur tháinig Lú ina áit sa ról sin. De réir seanchais  mharaigh Lú Balor sa dara cath i Maigh Tuireadh. 

Tá cáil ar Bhalor mar gheall ar a shúil nimhe. Bhíodh sí dúnta de ghnáth, ach nuair a d’osclaíodh sé í mharódh an tsúil gach rud beo faoina radharc.

Dia idir-Cheilteach

Luaitear seanchas Bhaloir ní hamháin in Éirinn, ach in Albain freisin, agus creidtear go bhfuil tagairt dó i gCorn na Breataine agus i nGall ar an mór-roinn, faoin ainm Boleros.

Logainmneacha

De réir seanchais bhí Balor ar Oileán Thoraí. Tá logainmneacha ar an oileán a bhaineann leis, lena n-áirítear Dún Bhaloir, Saighdiúirí Bhaloir, Túr Bhaloir agus Príosún Bhalair. Ag an gceann eile den tír, go deimhin an áit is faide ó dheas in Éirinn, luaitear an áit a bhfuair sé bás, is é sin Carn Uí Néid. Garmhac le Néid, nó “ó Néid”, dia na cogaíochta, is ea Balor sa seanchas. Ar ndóigh, luaitear áiteanna eile sa seanchas le bás Bhaloir.

Tá baint ag Balor le Cloch Dábhiolla i Muir Éireann amach ó na Sceirí. San áit seo deirtear go ndearna sé staicíní cloiche de bhó agus a lao lena shúil nimhe.  

I gConga deirtear go ndearna Balor carraigeacha de bheirt fhear, arís lena shúil nimhe. 

I gCorn na Breataine tá Penn an Wlas, an áit is faide siar ó dheas sa Bhreatain. Is cosúil go bhfuil baint éigin ag Balor le cinn tíre iartharacha, ónar féidir an ghrian a fheiceáil ag dul a luí san fharraige. De réir na staraithe Gréagacha Tolamaes agus Diodorus Siculus ba é Bolerius an t-ainm a bhí ar an gceann tíre seo. 

I litríocht Ghaelach na Meánaoise tá Balor ina rí ar Inse Gall na hAlban. Is féidir go bhfuil baint éigin ag ruathair na Lochlannach ar Éirinn ar na scéalta seo.

A shinsir agus a shliocht

Garmhac le Néid, dia na cogaíochta, is ea Balor, de bhunadh na bhFómhórach. Tá iníon aige darb ainm Eithne. Gineann Eithne mac darb ainm Lú le Cian ó Thuatha Dé Danann. Is é Lú seanathair Chúchulainn.

Scéalta faoi

Tá scéal ann faoin gcaoi a bhfuair Balor an tsúil nimhne. Lá amháin bhí sé ag breathnú ar dhraoithe a athar ag déanamh posóid draíochta. Chuaigh gal ón bposóid isteach ina shúil agus bhí nimh ann uaidh sin amach. Bhí radharc na súile in ann gach rud beo a mharú. Mar sin choinnigh sé dúnta í go dtí go raibh feidhm lena hoscailt. Chuir sé fáinne ar a mhogall ionas nach n-osclófaí a shúil de thimpiste, agus thóg sé ceathrar fear leis an bhfáinne a thógáil. B’uirlis chogaidh í an tsúil a bhí in ann airm a chloí.

Sa seanchas cluineann Balor tairgeoireacht go maróidh a gharmhac é. Dá bharr seo cuireann sé a iníon faoi ghlas i dtúr ar Oileán Thoraigh ionas nach mbuailfidh sí le fear ar bith. Ach d’éirigh le Cian ó Thuatha Dé Danann fáil isteach sa túr. Bhí caidreamh ag an lanúin agus gintear Lú. Tá scéalta éagsúla ann faoin gcaoi a ndéanann Balor iarracht Eithne agus Lú a mharú, ach d’éalaigh siad uaidh.

Éiríonn le Lú Balor a mharú, ag comhlíonadh na tairngeoireachta. Seo mar a tharla. Bhí cath le tarlú ar Mhaigh Tuireadh idir Tuatha Dé Danann agus na Fomhóraigh. Bhí Balor i gceannas ar na Fomhóraigh. Thug Nuadha ceannasaíocht ar fhórsaí Thuatha Dé Danann do Lú. Bhí slad fíochmhar sa chath seo sular éirigh le Lú Balor a aimsiú. Bhí Balor réidh lena shúil a oscailt, ach fuair Lugh sligire agus theilg sé cloch isteach sa tsúil agus mharaigh sé a sheanathair an chaoi sin.

Conclúid

Deir an scoláire PW Joyce go raibh creideamh ag na sean-Ghaeil sa tsúil mhillte. ‘Birach-derc’ a ghlaoitear ar an tsúil sin, nó ‘biordhearc’ i litriú an lae inniu, is é sin súil phollta, óna dtagann an drochamharc. Má cheapann tú go bhfuil drochamharc ort b’fhéidir go bhfuil baint ag Balor leis. Ach tá cosaint ann ón tsúil mhillte, a phléifear in alt amach anseo.


Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.