Tá Iarnród Éireann ag iarraidh ar phaisinéirí na frásaí Gaeilge ba mhaith leo a úsáid agus iad ag taisteal ar an traein a mholadh mar chuid de thionscnamh nua atá á fhorbairt i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge.
Úsáidfear na moltaí chun Cárta Frásaí Gaeilge nua a chruthú go luath an bhliain seo chugainn, agus é mar aidhm leis cabhrú le paisinéirí agus le baill foirne níos mó Gaeilge a úsáid ina gcomhráite laethúla.
Seoladh an tionscnamh ag stáisiún traenach Chill Airne an tseachtain seo caite, tráth a raibh sluaite ag taisteal chuig Oireachtas na Samhna.
Táthar ag iarraidh ar dhaoine smaoineamh ar na frásaí a bheadh úsáideach dóibh agus iad ag fiafraí faoi amanna traenach, ag lorg an ardáin chirt, ag ordú caife nó ag cur tús le comhrá le paisinéirí eile.
Is féidir moltaí a chur isteach trí shuirbhé gairid ar líne.
Tagann an tionscnamh sna sála ar shuirbhé a rinne Iarnród Éireann agus Conradh na Gaeilge in 2025, inar ghlac breis agus 7,100 duine páirt.
Léirigh torthaí an tsuirbhé go raibh níos mó ná 65% de na freagróirí an-dearfach faoin nGaeilge a chloisteáil ar sheirbhísí iarnróid.
Mar sin féin, dúirt breis agus duine as gach triúr go raibh easpa deiseanna ar cheann de na cúiseanna nár labhair siad Gaeilge níos minice agus iad ag taisteal.
Táthar ag súil go gcabhróidh an cárta nua le dul i ngleic leis an mbacainn sin trí fhrásaí praiticiúla a chur ar fáil don phobal.
Cuireann an tionscnamh leis an obair atá ar bun cheana féin ag Iarnród Éireann chun úsáid na teanga a spreagadh, lena n-áirítear Fáinne ar Bord agus oiliúint Ghaeilge don fhoireann.
Bhí ceoltóirí óga ó bhanna áitiúil Chill Airne, Brú Ceoil, i láthair ag an seoladh agus chuir siad ceol traidisiúnta ar fáil do phaisinéirí a bhí ag freastal ar an Oireachtas.
Bhí Iarnród Éireann ina urraitheoir freisin ar chomórtas nua, Croí Choláiste na Féile, do chumainn Ghaelacha tríú leibhéal.
Bhí duais €1,000 le bronnadh ar an gcumann buaiteach, agus pointí le gnóthú ag na cumainn trí fhreastal ar imeachtaí agus páirt a ghlacadh iontu le linn na féile.