Dúch, fuil agus pár – cuntas pearsanta ar Annála Inis Faithlinn  

Grianghraif: Clare Keogh

Le déanaí thaistil mé go Coláiste na hOllscoile Corcaigh chun taispeántas ar leabhar speisialta a fheiceáil. Tar éis teacht amach as an tacsaí bhí cumhra milis, adhmadach san aer, á iompar ag gaoth fhuar a thug orm mo scairf a tharraingt beagán níos teinne timpeall do mhuiníl. Bhí rithim mhín chompordach faoin gcampas. Scag solas na gréine tríd an gceannbhrat crann óir agus copair, ag caitheamh scáthanna fada geoméadracha trasna an fhéir. Agus mé ag siúl tríd an áirse d’oscail Coláiste na hOllscoile Corcaigh amach romham cosúil le cárta poist clasaiceach. Shiúil mé i dtreo Ghailearaí Glucksman. Istigh i seomra beag bhí an lámhscríbhinn fhisiciúil, Annála Inis Faithlinn, le feiceáil laistigh de chás gloine cosanta. In éineacht leis an leabhar fisiciúil bhí deis ag cuairteoirí idirghniomhú le cóip dhigiteach den lámhscríbhinn ar an láthair nó breathnú uirthi ar líne ar an suíomh Digital Bodleian. Tá sí i dtaisce i leabharlann Bodleian in Ollscoil Oxford i Sasana le breis agus 250 bliain.

Ag seasamh os comhair na seanlámhscríbhinne seo, atá ar taispeáint taobh thiar de ghloine, spreag sí freagairt mhórmhothálach. Bhí mé ag féachaint ar rud éigin a tháinig ó lámha duine nó daoine a bhí beo breis agus míle bliain ó shin. Droichead thar na haoiseanna atá ann. Mhothaigh mé ceangal pearsanta láithreach leis an duine sin a shuigh i gclochán fuar, soilsithe ag coinneal ar chósta báisteach na hÉireann, ag tiomnú a shaoil do leathanach amháin. Is féidir na mionlochtanna a fheiceáil nó áit ar chroith lámh an mhanaigh nó ball inar scaip an dúch nó áiteanna inar fuadh an pár ar ais le chéile. Sna nótaí neamhfhoirmiúla a d’fhág na manaigh ar imeall na leathanach, na gluaiseanna, meabhraítear dúinn go raibh na mothúcháin chéanna acu siúd agus atá againne inniu. Éiríonn siad an-daonna ar fad. Meabhraíonn sé dúinn nach n-athraíonn nádúr an duine ná an fonn chun cruthaitheachta i rith na n-aoiseanna. Tá meáchan mothúchanach ag baint leis an eolas gur tháinig an leabhar seo anuas chugainn in aghaidh gach seans. Mhair sé trí ruathair na Lochlannach, tinte, fothracha taise na mainistreacha, dúnadh na n-eaglaisí agus imeacht na milaoise. Is léiriú fisiceach an leabhar ar sheasmhacht an duine ag buachan ar an scrios.

Cáipéis ríthabhactach is ea Annála Inis Faithlinn. Cludaíonn sé os cionn 1000 bliain de stair, ó thréimhse roimh Naomh Pádraig go dtí 1450. Tosaíodh an scríbhinn i mainistir Leasa Mhóir i gContae Phort Láirge, agus ansin bogadh í sa dóú haois déag go dtí mainistir ar Inis Faithlinn ar Loch Léin in aice le Cill Airne. Tá 57 duilleog veillim lámhscríofa inti. Scríobh na manaigh i meascán de Laidin agus de Mheán-Ghaeilge, agus ar an gcaoi sin  bhí siad mar cheannródaithe ag iompú na Gaeilge ina teanga fhoirmiúil léinn agus taifid stairiúil, seachas a bheith ina teanga labhartha amháin. Ní hamháin  go raibh sí scríofa de láimh, ach is féidir a rá go raibh sí scríofa i bpeannaireacht nó i gcallagrafaíocht thar a bheith dathúil. Léirigh an taispeántas i gCorcaigh go soiléir scil na scríobhneoirí éagsúla a d’oibrigh ar an téacs i mainistir Inis Faithlinn ar feadh na gcianta. D’úsáid na manaigh dúch ar a dtugtar dúch dharach ar veillim lao. Ar feadh na gcéadta blianta ocsaidíonn an dúch dharach go nádúrtha agus téannn sé in aois ó dhúchorcra go donn meirgeach. Nascann sé go domhain le craiceann ainmhithe, rud a fhágann go bhfuil sé buan agus uiscedhíonach. Is é  seo an príomhfháth gur tháinig taifid an aonú haois déag go dti an cúigiú haois déag slán ar feadh na gcéadta blianta.

Cosúil le go leor scríbhneoirí i mainistreacha na hÉireannn, níor fhéach na manaigh ar Éirinn mar oileán iargúlta. Ina ionad sin, bhain siad úsáid as réamhrá fada cuimsitheach chun bunús miotasach na hÉireann a fhí go díreach isteach i gcreatlach stair an domhain mhóir, ag sioncronú imeachtaí an Bhíobla agus na sibhialtachtaí clasaiceacha ina n-aon amlíne aontaithe amháin.

Tá cuntas bliain ar bhliain ar imeachtaí áitiúla agus ar chreachadóireacht na Lochlannach. Tugann iontrálacha luatha faoi theacht scanrúil longa fada na Lochlannach timpeall na tíre ag scriosadh na mainistreacha, cosúil le Sceilg Mhichíl. In 824 rinne na Lochlannaigh creachadh ar mhainisir Inis Faithlinn, thóg siad na manaigh mar phriosúnaigh agus robáil siad an áit. Tugann Annála Inis Faithlinn ceann de na cuntais chomhaimseartha is gonta, is bunúsaí agus is réadúla dúinn ar Chath Chluain Tarbh agus ar bhás Bhriain Bhóramha in 1014. Díríonn an chroinic cuid mhaith ar ríthe Mhic Cárthaigh as Deasmhumhain, ag rianú a gcoimheascar inmheánach, teorainneacha a gcríoch, agus a gceannas réigiúnach ar iardheisceart na hÉireann. Tá cuntas ann ar na hathruithe polaitiúla a tháinig de bharr theacht na nAngla-Normannach in 1169. Luann Annála Inis Faithlinn filí, scribhneoirí agus scoláirí mór le rá na hÉireann, agus tugann siad ómós dóibh. Cuireann an lámhscríbhinn béim go minic ar scoth na n-intleachtóirí in Éirinn i dtús na Críostaíochta. Caitear le básanna na ndaoine mór le rá seo leis an tábhacht stairiúil chéanna a thugtar do bhásanna ríthe agus tiarnaí cogaidh. 

Nuair a tháinig mé amach as an seomra i nGailearaí Glucksman ina bhfuil cuntas leanúnach ag breis agus 30 manach meánaoiseach, mhothaigh an saol nua-aimseartha an-neamhbhuan. Cé go bhfuil bród ollmhór orm litríocht luath-mheanaoiseach na hÉireann a fheiceáil, tá aiféala agus brón orm chomh maith. Ciallaionn sé go gcaithfear glacadh leis go mbeidh an chuid ríthábhtach seo d’fhéiniúlacht na hÉireann á phacáil suas go luath chun í a chur ar ais thar Mhuir Éireann.


Is múnteoir meánscoile, ealaíontóir, scríbhneoir, agus staraí í Nuala Holloway a bhfuil BA H.DipEd agus MA aici.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.