Léamhthuiscint: Oíche Guy Fawkes

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Gach bliain ar an 5 Samhain déantar ceiliúradh ar Oíche Guy Fawkes ar fud na Breataine Móire. Tosaíonn scéal na hoíche seo i Londain in 1605 le comhcheilg mharfach ar a dtugtar Comhcheilg an Phúdair Gunna. Ag an am sin bhí an Rí Séamas I i gceannas ar Shasana, agus Shéamas VI ar Albain.  Bhí grúpa tiarnaí Caitliceacha míshásta le riail an rí mar bhí dlíthe géara i bhfeidhm i gcoinne na gCaitliceach. Bheartaigh siad an rí agus baill uile na parlaiminte a mharú trí thithe na parlaiminte a phléascadh le púdar gunna.

Ba é Robert Catesby ceannaire an ghrúpa, ach is é Guy Fawkes an duine is cáiliúla acu inniu. Bhí taithí mhór ag Fawkes ar ábhair phléascacha ón am a chaith sé ina shaighdiúir san Eoraip. D’éirigh leis na comhcheilgeoirí seomra faoi thithe na parlaiminte a fháil ar cíos. Chuir siad tríocha a sé baraille de phúdair gunna i bhfolach sa seomra, réidh don oscailt oifigiúil ar an 5 Samhain.

Mar sin féin, chuaigh plean an ghrúpa ar strae nuair a seoladh litir gan ainm chuig duine de na tiarnaí sa pharlaimint, ag tabhairt foláireamh dó fanacht amach ón bhfoirgneamh an lá sin. Thaispeáin an tiarna an litir do chomhairleoirí an rí. Rinne gardaí cuardach ar na seomraí faoin bparlaimint go déanach san oíche ar an 4 Samhain. Fuair siad Guy Fawkes ina sheasamh taobh leis na baraille púdair gunna, agus lasáin ina phóca aige. Gabhadh é láithreach, agus níos déanaí, cuireadh chun báis é féin agus na comhcheilgeoirí eile.

Chun ceiliúradh a dhéanamh gur tháinig an rí slán d’ordaigh an rialtas tinte cnámh a lasadh ar an 5 Samhain. Leanann an traidisiún seo ar aghaidh sa lá atá inniu ann. Bailíonn teaghlaigh agus pobail le chéile chun féachaint ar thinte ealaíne geala agus ar thinte cnámh móra. Go minic déanann páistí samhail de Guy Fawkes as seanéadaí agus nuachtáin agus déantar í a dhó ar bharr na tine cnámh. Is oíche lán le solas, torann agus stair í a chuireann i gcuimhne do dhaoine eachtra thábhachtach ó stair na Breataine.


Ceisteanna buntuisceana

  1. Cén dáta a ndéantar ceiliúradh ar Oíche Guy Fawkes gach bliain, agus cén t-ainm eile a thugtar uirthi?
  2. Cén fáth a raibh grúpa Robert Catesby míshásta leis an Rí Séamas I in 1605?
  3. Cén ról speisialta a bhí ag Guy Fawkes sa chomhcheilg, agus cén fáth ar roghnaíodh é?
  4. Conas a fuair na gardaí amach faoin bplean sular phléasc na baraillí púdair gunna?
  5. Cad a dhéanann daoine sa lá atá inniu ann chun an oíche seo a cheiliúradh?
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.